Bhí Séarlas I (19 Mí na Samhna 1600 - 30 Eanáir 1649) ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn.
Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Séamus I Shasana. Bhí sé i gcóróin ó 27 Márta 1625 go dtí gur chuir fórsaí na Parlaiminte chun báis é ar 30 Eanáir 1649. Nuair a tháinig deireadh leis an Interregnum faoi cheannas Oilibhéir Cromail, cuireadh an mhonarcacht ar bun arís agus cuireadh an mac ba shine leis i réim, mar Sheárlas II.
Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta.
Den chuid is mó léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:
Dá thairbhe sin, is céim bhunúasach an Achainí i bhforbairt smaointe Sasanacha agus Mericeánacha, maidir leis an tsaoirse bhunreachtúil agus an rialtas bunreachtúil — mar shampla, an prionsabal nár cheart na fórsaí armtha a imlonnú chun críocha na slándála baile ach i gcásanna eisceachtúla amach is amach.
Faoin mbliain 1648, bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus bhí sé féin orthu siúd a shínigh barántas báis an Rí. Básaíodh Séarlas I ar 30 Eanáir 1649.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Séarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.