Scríbhneoir, file agus péintéir Gearmánach-Eilvéisach ba ea Hermann Hesse (1877-1962).
Rugadh ar 2 Iúil 1877 i gCalw i dtuaisceart na Foraise Duibhe san Gearmáin é, ach bhí sé ina chónaí an chuid is mó dá shaol san Eilvéis. Scríobh Hermann Hesse úrscéalta clúiteacha, m.sh. Der Steppenwolf, nó Das Glasperlenspiel, agus ollinsint Siddharta. Bhí sé file freisin agus scríobh sé a chuid filíochta ar fad a shaol. Is é Stufen (Céimeanna) dán maith ar a dtugtar san Ghearmán, san Ostair agus san Eilvéis go dtí an lá atá inniu ann, agus go háirithe an líne seo den dán: "Und jedem Anfang wohnt ein Zauber inne" (Bíonn draíocht ann ag gach tosach). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Hermann Hesse sa bhliain 1946.
Chaith Hesse na blianta deireanacha a shaol i Montagnola, baile beag in aice le Lugano i gcantún Ticino san Eilvéis Iodálach, agus fuair sé bás ar 9 Lúnasa 1962 san áit chéanna.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Hermann Hesse, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.