Teilifís: Meán teileachumarsáide le híomhánna gluaiste a tharchur agus a fháil

Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán.

  • Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, don chraoltóireacht agus don tarchuradóireacht, mar ghníomhaíocht.
  • Teilí a thugtar ar an dá rud sa ghnáthchaint Gaeilge go minic: chonaic mé ar an teilí é. Focal é sin atá bunaithe ar ghnáthchaint an Bhéarla.
  • Is féidir an bosca, nó an bosca draíochta, a thabhairt ar an teilifíseán agus, go meatonaimeach, ar an gcraolachán teilifíse freisin.
📺Teilifís
Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair
Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deearnáil eacnamaíochta, infreastruchtúr agus type of mass media (en) Aistrigh
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agSoham Patel agus Charles Francis Jenkins
Tréithe
Le cuidstáisiún teilifíse
bealach teilifíse
gréasán teilifíse
teilifíseán
television watcher (en) Aistrigh
people-meter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair
RTÉ, Monadh Rois, Domhnach Broc
Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair
RTÉ Domhnach Broc

Comhpháirteanna

Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:

  • Foinse na híomhá. Is éard atá ann ná comhartha leictreach a sheasann don íomhá. Más íomhánna beo atá á gcraoladh, tá an comhartha seo á sholáthar ag an gceamara a iompaíonn an t-imprisiún físe (is é sin, na himeachtaí infheicthe) ina bhíoganna leictreacha. Is féidir, áfach, gur íomhánna taifeadta atá againn ansin, agus an comhartha á sholáthar ag an taifeadán fístéipe. Is féidir freisin scannán den tseanchineál a léamh le scanóir ar leith.
  • Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más fuaim bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón micreafón a iompaíonn an fhuaim - guth an duine, abair, nó an ceol, nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim thaifeadta chomh maith.
    Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair 
    craoladh seachtrach, 1970idí
  • An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta raidió, is é sin, ina radaíocht leictreamhaighnéadach. Tá bannaí minicíochta na radathonnta níos airde ar scála an tonnfhaid, agus dá réir sin, níos ísle ar scála na minicíochta, ná an radaíocht infridhearg.
  • An aeróg leis na radathonnta a tharchur.
  • An aeróg leis na radathonnta a ghlacadh.
  • An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
  • Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair 
    stiúideo teilifíse 1, RTÉ, Monadh Rois
    Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair 
    stiúideo Big Bite, RTÉ
    An gléas taispeána. Go traidisiúnta, bhí feadán ga-chatóideach á úsáid leis na craolacháin teilifíse a thaispeáint. San fheadán ga-chatóideach, tá leictreoid dhiúltach - catóid - suite i gcúl an fheadáin, agus í ag tabhairt leictreon uaithi. Tá cornaí leictreacha timpeall an fheadáin agus anóid taobh istigh de, agus iad ag stiúradh shruth na leictreon de réir an chomhartha físe a fhaightear ón aeróg. San áit ina mbuaileann sruth na leictreon an scáileán fluaraiseach, feictear ponc solais ag lasadh suas, agus nuair a athraíonn an comhartha físe treo na leictreon, tarraingíonn an ponc solais seo íomhá i ndiaidh íomhá ar an scáileán fluaraiseach chomh sciobtha is nach féidir le súil an duine na pictiúir seo a aithint thar a chéile. Mar sin, téann siad i bhfeidhm ar an bhféachadóir díreach mar a bheadh gluaiseacht leanúnach ann.
Teilifís: Comhpháirteanna, Teicneolaíocht, Stair 
stiúideo Nuacht RTÉ 2009

Teicneolaíocht

Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óideanna astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.

  • An gléas fuaime, is é sin, an t-aimplitheoir fuaime agus an callaire, leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.

Stair

Ar an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB). Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.

Éire

In Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, agus é faoi smacht an rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.

Féach freisin

Tags:

Teilifís ComhpháirteannaTeilifís TeicneolaíochtTeilifís StairTeilifís ÉireTeilifís Féach freisinTeilifísCraolachánTeileachumarsáidTeilifíseán

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Neil FlynnÉiceolaíochtAeróg (leictreonaic)WikimediaLast Exit to SpringfieldLéachtóirSpiaireachtFlannbhuí (dath)2012Mícheál D. Ó hUigínnMeiriceá ThuaidhConstance Gore-Booth MarkiewiczMahatma GandhiPlátaSóidiamComhairle Contae na GaillimheBarack ObamaPárasAoineCSIROEalaín fheidmeachMakka SagaipovaGluaiseacht Chearta Sibhialta na GaeltachtaAn OllainnisHipirglicéimeUNRWAAn LuanGustav KlimtPiorraRópaSeosamh Mac GriannaThe SaturdaysMoscóSkibidi Toilet1972An Chéad Chrosáid22 AibreánBallapháipéarLeabharlann Chathair AlastairCeann TráSruth leictreachBaile a’ Mhuilinn, Ros an EarAigísHarry Styles31 BealtaineFuaidreánInnealtóireacht bhogearraíTeanga (cumarsáid)Kanye WestAn TibéidGeorgia May FooteTeangaSéamus Ó ConghaileGoogleAn Páirtí NáisiúntaCharlotte BrontëCreideamhSuojeluskuntaNeamhspleáchas na FionlainneDelbnaGnóAntasubstaint mhonaclónachSiocFrozen (scannán 2013)SliabhraonCroissantCeirmeachtCogadhTomás de Bhaldraithe2 Meán FómhairCill bhreoslaMatthew Hussey🡆 More