Neiptiúiniam

Is é an neiptiúiniam dúil cheimiceach uimhir a 93 agus an ceann is éadroime de na dúile trasúránacha, is é sin, de na dúile atá níos troime ná an t-úráiniam.

Is í an tsiombail atá air ná Np. Mar is dual do na dúile seo, is dúil éagobhsaí radaighníomhach é nach féidir teacht air go nádúrtha sa dúlra, agus is sna himoibreoirí núicléacha a tháirgtear é. Is é an t-iseatóp is cobhsaí ná 237Np, nó tá sé breis is dhá mhilliún bliain ar leathré. Ba iad Edwin McMillan agus Philip H. Abelson a tháirg an chéad eiseamal neiptiúiniam i mBerkeley, California sa bhliain 1940.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNeiptiúiniam
Neiptiúiniam
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Neiptiúiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNp
Uimhir adamhach93
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.36
Ga ianach1.01, 0.87, 0.75 agus 0.72
Stair
AimsitheoirEdwin Mattison McMillan agus Philip Abelson
Fionnachtain1940
EapainmNeiptiún
Neiptiúiniam

Miotal é an neiptiúiniam agus é cosúil leis an airgead geal. Tá ceithre uimhir ocsaídiúcháin aige ina chuid comhdhúl, mar atá, +3, +4, +5, agus +6. Cosúil lena lán dúl eile i ngrúpa na n-achtanóideach, is dual dó dul i ngrúpa adamhach le dhá adamh ocsaigine - an grúpa neiptiúinile - agus iain éagsúla coimpléascacha a chruthú timpeall an ghrúpa seo. Bíonn na coimpléisc seo ag gluaiseacht go réidh san ithir, rud a chuireann an-imní ar na héiceolaithe. Le fírinne, creidtear go mbeidh an neiptiúiniam ar an bhfoinse is mó radaíochta sa dúlra sna blianta amach anseo, agus é ar ceann de na priacail is mó éiceolaíochta a bhaineann leis na stáisiúin adamhacha leictreachais.

Tagairtí

Tags:

CaliforniaDúil cheimiceachIseatópLeathréSiombail cheimiceachÚráiniam

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Nua-Eabhrac (cathair)An tSínRTÉ Raidió na GaeltachtaManglamMael MórdhaContaetha na hÉireannFuaidreánGormSpórtPailm ratáinMiami, FloridaBrad PittCladachMaidridFear1974Auraicept na n-ÉcesMeánscoilBarúnRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireannBuama adamhachGuamPáirc náisiúnta69 (suíomh gnéis)Stair na heolaíochta agus na teicneolaíochtaAn PhortaingéilSuojeluskuntaNeil FlynnGrace HopperFón clisteRavi ShankarSaigheadAn Comunn GàidhealachNa Stáit NordachaAn IodáilSkibidi ToiletPhoenix, ArizonaÉisteolaíochtStánInnealtóireacht bogearraíTeicneolaíochtFranz LisztPopulusEalaíonMac tíreGluaiseacht Chearta Sibhialta na GaeltachtaGás nádúrthaIsaac NewtonUnicodeGuma cogantaUNIXPriontaíochtComhriachtainNuala Ní DhomhnaillBill BaileyNa TrioblóidíUSENETBolcánachtEacnamaíochtSedulius ScottusAn ÍoslainnAn DnístirÉireLá saoire2 Meán FómhairOrlando BloomTruman CapoteCultúrRóbataicGreta Thunberg🡆 More