Cogadh Cathartha Na Spáinne

Bás Saighdiúir Dílseora, pictiúr cáiliúil de Federico Borrell García tógtha ag Robert Capa

Cogadh Cathartha na Spáinne
Cogadh Cathartha na Spáinne

Dáta: 17 Iúil, 19361 Aibreán 1939
Áit: An Spáinn
Toradh: Bua leis na Náisiúnaithe. Lánscor Dara Phoblacht na Spáinne. Ceannasaíocht Francisco Franco go dtí 1979
Céilí comhraic
Cogadh Cathartha Na Spáinne Dara Phoblacht na Spáinne

Cogadh Cathartha Na Spáinne An tAontas Sóivéadach
Cogadh Cathartha Na Spáinne Na Briogáidí Idirnáisiúnta
Cogadh Cathartha Na SpáinneMeicsiceo

Cogadh Cathartha Na Spáinne An Spáinn Náisiúnach
  • Cogadh Cathartha Na Spáinne Falange
  • Cogadh Cathartha Na Spáinne Requetés

Cogadh Cathartha Na Spáinne An Iodáil
Cogadh Cathartha Na Spáinne An Ghearmáin
Cogadh Cathartha Na Spáinne An Phortaingéil
Cogadh Cathartha Na Spáinne Na Léinte Gorma

Ceannasaithe
Manuel Azaña
Julián Besteiro
Francisco Largo Caballero
Juan Negrín
Indalecio Prieto
Lluís Companys
Francisco Franco
Gonzalo Queipo de Llano
Emilio Mola
José Sanjurjo
Juan Yagüe
Slua
450,000 (1938) (350 aerárthach, 200 batairí) * 600,000 (1938) (600 aerárthach, 290 batairí) *
Taismigh
~500,000
* Ó The Spanish Civil War (Thomas) l.628

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar na cogaí cathartha ab fhíochmhaire a troideadh le linn an fichiú haois. D'éirigh Eite Dheis na Spáinne amach i gcoinne rialtas an Frente Popular, meascán de shóisialaithe, chumannaithe agus ainrialaithe a fuair an lámh in uachtar in olltoghchán 1934. Ba shaghas ullmhúcháin do choimhlint ní ba mheasa fós é an cogadh mar bhuail na hidé-eolaíochta naimhdeacha, an Faisisteachas agus an Cumannachas, le chéile le linn na troda.

Foinse an chogaidh

Ba bhlianta casta iad cúig bliana an Dara Poblacht. Tháinig an Phoblacht ar an saol mar chomharba ar riailréim Primo de Rivera, ginearál airm, a bhí i gcumhacht ó 1923 go 1930. Tar éis na dtoghchán áitiúil in Aibreán 1931, ghlac an eite chlé seilbh ar an rialtas. Níor chuir tacaithe an Rí Alfonso XIII i gcoinne na bpoblachtánaithe agus bunaíodh an Dara Poblacht. Theith an rí ón Spáinn.

Ag an am bhí páirtí láir láidir ann a bhí in ann an chumhacht a chothromú idir an dá thaobh. Ach, de réir a chéile chaill an páirtí láir a chumhacht agus tharla polarú polaitiúil sa tír.

Le bunú na Poblachta, thosaigh an eite chlé, a raibh an lámh in uachtar acu tar éis olltoghchán 1931, ar athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba é an páirtí sóisialach, an PSOE, an páirtí ba mhó sa pharlaimint. Tugtar an Bienio Progresista nó an dá bhliain forásacha ar na blianta tosaigh seo. Ach ní raibh sé éasca na hathruithe go léir a chur i gcrích go tapaidh agus d'éirigh an pobal mí-shuaimhneach.

D'éirigh scataí ainrialacha amach i gcoinne an rialtais i 1934 agus cuireadh faoi chois iad go neamhbháúil. Thit an rialtas as a chéile agus bhí olltoghchán eile ann a chuir an eite dheis i gcumhacht.

Tús an chogaidh

Ar an 16 Feabhra 1936 bhí bua sa toghcháin do Fhronta an Phobail sa Spáinn agus trí lá níos déanaí, cuirtear rialtas ar bun sa Spáinn faoi cheannas Manuel Azaña.

Cogadh Cathartha Na Spáinne 
Guernica (pictiúr) le Pablo Picasso.

Ar an 12 Iúil 1936 thóg grúpa míleata ceannaire an fhreasúra, Calvo Sotelo, amach as a theach agus lámhaigh siad é, mar dhíoltas ar dhúnmharú leifteanant cléach, José Castillo. Rinne siad iarracht ceannaire eile na heite deise, José María Gil-Robles, a mharú ach níor éirigh leo é a ghlacadh.

Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach i gcoinne an rialtais sna coilíneachtaí i Maracó.

Is le linn na laethanta casta seo, tharla marú Federico García Lorca, an file clúiteach, i nGranada.

Bhí rialtas na poblachta tar éis an ginearál Francisco Franco a ruaigeadh as an mórthír mar bhí imní orthu roimhe. Chuir Franco stailc mhianadóirí i dtuaisceart na tíre faoi chois go fuilteach i 1934 (1700 marbh). Bhí sé i gceannas ar arm na hAfraice agus bhí a cheannfort aige i gcathair Melilla, ceantar Spáinneach, i dtuaisceart na hAfraice.

D'éirigh le Franco a chuid trúpaí a chur trasna na farraige ar eitleáin le cabhair ó Luftwaffe na Gearmáine, a sheol Hitler i ndiaidh an éirí amach. Ghlac sé seilbh ar dheisceart na tíre agus thosaigh sé ag druidim i dtreo Mhaidrid. Bhí an tír scartha idir an rialtas agus na réabhlóidithe agus tharla slad ar an dá thaobh.

Toledo

Ar an 21 Iúil, bhí an alcázar (an seandún) i gcathair Toledo curtha faoi léigear ag na Poblachtánaigh, áit a raibh grúpa beag náisiúnaithe ag seasamh an fhóid i gcoinne fhórsaí an rialtais. Ba shaghas siombail den éirí amach é do na náisiúnaithe an Alcázar. Bheartaigh Franco dul i gcabhair orthu agus cuireadh an t-ionsaí ar Mhaidrid ar athló.

Thóg na réabhlóidithe mianadóirí ó Asturias, i dtuaisceart na tíre isteach chun buamaí a chur faoin gcaisleán, iarracht dheireanach chun na cosantóirí a chloí. Cé gur phléasc na buamaí is gur thit cuid den chaisleán, ní raibh na hionsaitheoirí in ann na fothracha a thógáil.

Chuir Franco deireadh leis an léigear ar an 26 Meán Fómhair. Bua siombalach a bhí ann thar aon ní eile.

Franco i gceannas

Ar an 1 Deireadh Fómhair 1936, i mBurgos, chuireadh Francisco Franco i gceannas ar rialtas Náisiúnta na Spáinne. Gaireadh “Generalísimo” nó Ard-Ghinearál an airm Fhaisistigh de, agus “Jefe de Estado” nó Ceann an Stáit san am céanna. Ar 7 Deireadh Fómhair, fógraíodh Poblacht na mBascach (Euzkadi) i Guernica

Cogadh Cathartha Na Spáinne 
An staid i Lúnasa/Meán Fómhair 1936

Cath Mhaidrid

Le linn an chatha, chuir rialtas na poblachta a chuid óir ón phríomhchathair chuig Valencia. Tháinig Stailín isteach le cabhair ollmhór don rialtas agus íocadh as le hór bhanc ceannais na Spáinne. Tugtar ór Mhoscú ar an eachtra seo. Ba bhuntáiste mór é seo do na faisistí, mar ní raibh an bhrú céanna orthu íoc as an tacaíocht a fuair siadsan ón Iodáil agus ón Ghearmáin.

1937

  • Thit cathair Málaga i mí Eanáir do na náisiúnaithe.
  • Titeadh an dTuaiscirt, slad Guernica i mí Aibreáin.
  • Bealtaine - cogadh cathartha na dílseoirí i mBarcelona idir na hainrialaithe agus an POUM ar taobh amháin is na cumannaithe agus fórsaí an rialtais ar an taobh eile.
Cogadh Cathartha Na Spáinne 
An staid i Samhain 1938

1938

  • Márta - ionsaí náisiúnach ar an bhfronta Aragón

1939

  • cath an Ebro, titim na Catalóine, Negrín, ceannaire cumannach
  • an chéad Aibreán 1939 bua na náisiúnaithe fógraithe ag Franco.

Príomhphearsanra an chogaidh

I measc phríomhphearsanra an chogaidh, bhí Buenaventura Durruti, an ceannaire ainrialach a fuair bás i gcath Mhaidrid. Bhí aithne ar Dolores Ibárrurila Pasionaria, ceannaire cumannach, ar fud an domhain, mar gheall ar a hóráidí ar son an rialtais.

Eachtrannaigh sa chogadh

Cogadh Cathartha Na Spáinne 
Óglaigh Pholannacha sna BI

Sheol na deachtóirí faisisteacha, Mussolini agus Hitler, fórsaí chuig an Spáinn ón Iodáil is ón Ghearmáin. Tar éis ór bhanc ceannais na Spáinne a fháil ar an 16 Meán Fómhair, chuir Stailín tús le idirghabháil an-mhór de fhórsaí Sóivéadacha. D'fhógair rialtais daonlathacha na hEorpa polasaí frith-idirghabhála sa chogadh. Bhí rialtas sóisialach i gceannas sa bhFrainc faoi Léon Blum ach bhí faitíos orthu cúnamh a thabhairt don rialtas Spáinneach ar eagla go leathnódh an choimhlint go dtí a dtír féin, mar gheall ar an teorainn leis an Spáinn. Cuireadh muintir an eite chlé ar fud an domhain na Briogáidí Idirnáisiúnta le chéile mar gheall ar an easpa cabhrach ón Bhreatain is ón bhFrainc. Maidir le hÉirinn, thaistil fir óga ón oileán ar fad chuig an Spáinn le troid sna Briogáidí Idirnáisiúnta, daoine ar nós iar-óglach an IRA, Frank Ryan. Ar an dtaobh eile, chuaigh grúpa ó na Léinte Gorma faoi cheannas an ghinearáil Eoin O'Duffy go dtí an Spáinn chun cabhrú le fórsaí Fhranco.

Tá rian an chogaidh ar shochaí na Spáinne le mothú fós.

Litríocht an chogaidh

Bhí tionchar nach mór ar litríocht na linne ag an gcogadh. Ghlac scríbhneoirí ar nós George Orwell agus Ernest Hemingway páirt sa troid, an bheirt acu ar thaobh na poblachta. Scríobh Orwell ceann dá leabhair is cáiliúla, Homage to Catalonia, faoina thaithí féin agus é ag troid ar fhronta Aragón le grúpa Marxach, an POUM. I réimse an cheoil, tá aithne ar amhráin ilghnéitheacha ar nós Viva la Quinta Brigada, a scríobh Christy Moore agus If you Tolerate This ó na Manic Street Preachers

Scannánaíocht

  • Scannán bunaithe ar leabhar Hemingway For whom the Bell Tolls (1940)
  • Land and Freedom (1995) ón stiúrthóir Briotanach Ken Loach

Staireagrafaíocht

  • Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961).
  • Ian Gibson, La represión nacionalista de Granada en 1936 y la muerte de Federico García Lorca (1971).
  • Paul Preston, La Guerra Civil (2000).

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Cogadh Cathartha Na Spáinne Foinse an chogaidhCogadh Cathartha Na Spáinne Tús an chogaidhCogadh Cathartha Na Spáinne Cath MhaidridCogadh Cathartha Na Spáinne 1937Cogadh Cathartha Na Spáinne 1938Cogadh Cathartha Na Spáinne 1939Cogadh Cathartha Na Spáinne Príomhphearsanra an chogaidhCogadh Cathartha Na Spáinne Eachtrannaigh sa chogadhCogadh Cathartha Na Spáinne Litríocht an chogaidhCogadh Cathartha Na Spáinne ScannánaíochtCogadh Cathartha Na Spáinne StaireagrafaíochtCogadh Cathartha Na Spáinne Féach freisinCogadh Cathartha Na Spáinne TagairtíCogadh Cathartha Na SpáinneFederico Borrell GarcíaRobert Capa

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

BaictéirJohn PrescottAn GhréigisJean-Paul SartreMadraAilbhe Ní GhearbhuighBuamáil La Mon (1978)StroighinMicrosoft WindowsGwyneddAudrey HepburnAn Drúcht Geal Ceo (The Foggy Dew)ReitineMicribitheolaíochtHarry Styles17ú haois RCCúiseamh Donald Trump i Nua-EabhracForshiméadrachtÇatal HüyükJohn Sullivan (scríbhneoir)An ÚcráinTír na mBascach TheasBrad PittAgairg na gcuileannaBarbra StreisandAn IoruaHDearcealaíonaBúdaipeistSéamus Ó ConghaileO. J. Simpson1994Lá BloomCeimicSíleáilBallapháipéarSláinteContaetha in MissouriEolaíocht nádúrthaLiosta Buaiteoirí Ghradaim NÓSFisicDennis CockrumCogadh Iosrael-GazaStáit MheiriceáSruth leictreachTaighdePriontaíochtNicolás AlmagroForas na GaeilgeSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannPádraig Mac PiaraisRéalteolaíochtCú Chulainn1872Trinse MáirianachHenri GiffardTalamhTiarna na bhFáinníNeimheadhAntasubstaint mhonaclónachSóivéid (comhdháil)PuballVaimpír (ialtóg)CeoldrámaSnow White and the Seven Dwarfs (scannán 1937)An NígirRollmopsCeirbreamRoisínGarda SíochánaRavi ShankarImleacán🡆 More