Is fealsúnacht pholaitiúil é an sóisialachas.
Creideann sóisialaithe gur cheart don tsochaí go léir an eacnamaíocht a stiúradh go díreach trí na hoibrithe nó go hindíreach tríd an rialtas. Tá easaontas go minic idir sóisialaithe maidir le cineál an tsóisialachais atá le cur i bhfeidhm, mar shampla an daonlathas sóisialta agus Marxachas-Leiníneachas.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | idé-eolaíocht pholaitiúil social formation (en) córas eacnamaíochta gluaiseacht shóisialta | ||||
Tá barúlacha difriúla ann maidir le cad é is ciall leis an sóisialachas. Creideann a lán sóisialaithe gur cheart do thionscail mhóra a bheith i lámha an rialtais. Creideann daoine eile gur cheart do chomhlachtaí a bheith i lámha na n-oibrithe. Dar le daoine eile ba cheart don phobal a bheith ionann faoi chaipitleachas leasaithe.
Síleann bunús na ndaoine a chuireann "sóisialaithe" orthu féin nach córas daonlathach atá sa chaipitleachas. Molann siad sórt "daonlathas an phobail" ina gcinneann na hoibrithe cad a tháirgtear agus conas é a dháileadh. Is minic go n-áitíonn criticeoirí an tsóisialachais gur deachtóireachtaí brúidiúla atá i roinnt tíortha atá 'sóisialach' agus gur maraítear a lán daoine iontu, agus gur cheart córas sóisialach a sheachaint dá bharr sin. Freagraíonn bunús na sóisialaithe nach raibh na deachtóireachtaí seo sóisialach go fíreannach nó gur chuir siad polasaithe sóisialacha i bhfeidhm ar dhrochbhealach.
In Éirinn tá: Páirtí na nOibrithe Sóisialacha , An Páirtí Sóisialach , agus Páirtí na nOibrithe
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sóisialachas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.