Is aisteoir Meiriceánach é Vincent Anthony Vince Vaughn , a rugadh ar an 28 Márta 1970.
Fuirseoir, scríbhneoir scripteanna, agus léiritheoir scannán atá ann, chomh maith.
Rugadh Vaughn i Minneapolis i stát Minnesota, ach tógadh in Illinois é. Sharon Eileen (née DePalmo) an t-ainm a bhí ar a mháthair. As Hamilton, Ontario, Ceanada di. Bhí rath uirthi mar bhean gnó agus an-tionchar aici ar a mac. Vernon Lindsay Vaughn an t-ainm a bhí ar a athair.
Chuaigh Vince leis an aisteoireacht sna 1980í. Bhí mionrólanna teilifíse aige, ach ba é an scannán Swingers a thuill clú dó sa bhliain 1996. Bhí sé páirteach i scannáin éagsúla eile, mar shampla The Lost World: Jurassic Park, Old School, Starsky & Hutch, Dodgeball: A True Underdog Story, Couples Retreat, Mr. & Mrs. Smith, agus Wedding Crashers.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vince Vaughn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.