Is cathair bheag í Gernika (Bascais) nó Guernica as Spáinnis i dTír na mBascach i dtuaisceart na Spáinne.
Tugtar Gernika-Lumo go hoifigiúil ar an gcathair mar gheall ar aontas le baile Lumo.
Gernika | |||||
---|---|---|---|---|---|
Gernika-Lumo (eu) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach na Spáinne | Tír na mBascach Theas | ||||
Cúigí na Spáinne | An Bhioscáin | ||||
Comarcas of Biscay (en) | Busturialdea (en) | ||||
Príomhchathair | Gernika-Lumo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 17,050 (2023) | ||||
• Dlús | 1,982.56 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Bhascais (teanga cheannasach) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Intercommunalité des services sociaux de Busturialdea (fr) | ||||
Achar dromchla | 8.6 km² | ||||
Airde | 10 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1366 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Guernica y Lumo | José María Gorroño Echebarrieta | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 48300 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 94 | ||||
INE municipality code (en) | 48046 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gernika-lumo.net… |
Tá an chathair lonnaithe i gcúige Bizkaia (Bascais) nó Vizcaya (Spáinnis). Suíonn Junta nó parlaimint Bizkaia ann. Tá dlúthbhaint idir an chathair, príomhchathair ársa Thír na mBascach, agus náisiúnachas na mBascach mar bhailíodh Comhthionóil traidisiúnta Bizkaia ann faoi dhair, an Gernikako Arbola.
Taobh amuigh den Spáinn tá cáil ar an gcathair mar gheall ar an bpictiúr a pheinteáil Pablo Picasso i 1937 den aerbhuamáil an Léigiúin Condor den Luftwaffe ar an gcathair le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937. Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gernika, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.