Is é an Béar Beag an réaltbhuíon is faide ó thuaidh ar an leathsféar neamhaí thuaidh.
Ursa Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an béar níos lú. Tá an réaltbhuíon seo ar na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus is ceann í freisin de na 48 seanréaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Is suntasach í mar shuíomh an phoil neamhaí thuaidh, ach tiocfaidh athrú ar an gcás seo i gceann dhá chéad bliain nó mar sin mar gheall ar torthaí na luainíochta (nó réamhtheachtas na n-eacaineachtaí).
Ainm Laidine (IAU) | Ursa Minor |
---|---|
Nod | UMi |
Ginideach Laidine | Ursae Minoris |
Siombalaíocht | an béar beag |
Dronairde | 15 h |
Diallas | 70° |
Achar | 256 céim cearnach Céim 56ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Polaris (méid 2.02) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −10° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr |
Deirtear gurbh é saoi na Sean-Gréige Tailéas as Miléiteas a thug isteach an réaltbhuíon seo sa 6ú aois R.C., ach is cinnte gur bhaineadh mairnéalaigh úsáid aisti mar threoir neamhaí i bhfad roimhe sin.
Anallód, tugadh Sciathán an Dragain ar an mBéar Beag, agus féachadh air mar phíosa de réaltbhuíon an Dragain.
Tá scothchosúlacht bhéir (agus eireaball an-fhada amach is amach air) ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig má chuirtear san áireamh réaltaí doiléire atá infheicthe fós ag an tsúil fhornocht. Dá bhrí sin, i dteannta réaltbhuíon an Bhéir Mhóir in aice láithreach, tá baint éigin aige le bunús mhiotas Callisto. Deirtear gur fadaíodh an t-eireaball thar an norm toisc gur chuirtí an Béar ar casadh ar a eireaball arís agus arís eile timpeall an phoil thuaidh.
Níos luaithe ná sin, áfach, d'fheachtaí ar na seacht réaltaí ab ghile de chuid na réaltbhuíne seo mar sheachtar deirfiúracha. De réir mhiotaseolaíocht luath na Gréige, ionannaíodh na seacht réalta de chuid an Bhéir Bhig leis na Heispíridí, iníonacha Atláis. I dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach na Meá (.i. an tAoire, an Béar Mór, agus an Dragan), is cosúil go bhfuil baint éigin ag an mBéar Beag le bunús mhiotas úlla na Heispirídí, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
De réir cultúr éagsúil eile ba é an Béar Beag an poll a raibh imthaca acastóir an Domhain ann. De réir na réalteolaíochta Hiondúiche, is é Dhruva é an Réalta Thuaidh, a chiallaíonn "pol" sa lá atá inniu ann; baineann scéal leis an fear seo a aithrisíonn conas mar a rinneadh réalta de.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Béar Beag, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.