Is réad réalteolaíoch í réalta a chuimsíonn sféaróideach lonrach plasma atá coinnithe le chéile ag a himtharraingt.
Is í an réalta is gaire don Domhan an Ghrian.
Réalta | |
---|---|
Cineál | cineál reann neimhe |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | córas réaltaí |
Le cuid |
Meastar go bhfuil idir 1022 agus 1024 réalta sa chruinne inbhraite. Níl ach tuairim is 4,000 de na réaltaí seo le feiceáil ag an tsúil nocht, iad ar fad laistigh de réaltra Bhealach na Bó Finne.
Comhdhlúthaíonn na réaltaí ó réigiúin spáis ina bhfuil dlús ábhar níos airde, ach níl na réigiúin sin chomh dlúithe ná laistigh de sheomra folúis. Is éard atá sna réigiúin seo—ar a dtugtar scamaill móilíneacha—hidrigin den chuid is mó, le thart ar 23 go 28 faoin gcéad héiliam agus cúpla faoin gcéad d'eilimintí níos troime. Sampla amháin de réigiún a fhoirmíonn réalta dá leithéid is ea Réaltnéal Oiríon. Cruthaíonn an chuid is mó de na réaltaí i ngrúpaí dosaenacha go dtí na céadta mílte réalta. Féadfaidh réaltaí ollmhóra sna grúpaí seo na scamaill sin a shoilsiú go cumhachtach, an hidrigin a ianú, agus réigiúin H II a chruthú. D'fhéadfadh éifeachtaí aiseolais den sórt sin, ó fhoirmiú réalta, cur isteach ar an scamall ar deireadh agus cosc a chur ar fhoirmiú réalta eile.
Ní réaltaí iad na pláinéid, na hastaróidigh, ná na gealacha. Ní ghineann siad seo solas. Nuair a dhéanann solas na gréine imbhualadh leo sin, is é rud a dhéanann siad: an solas sin a fhrithchaitheamh.
Is liathróidí de ghás te iad na réaltaí, déanta as hidrigin agus héiliam. Is í a gcuid imtharraingthe féin a bhíonn á gcoinneáil le chéile.
Is réalta sa mheánmhéid í an Ghrian. Is mó faoi mhilliún í ná an Domhan, nó mar sin.
Cuid de na réaltaí - is lú ná an deichiú cuid de mhéid na gréine, agus tá réaltaí eile ann agus is mó faoi sheasca iad ná méid na gréine. Timpeall 6,000 °C an teocht atá ar dhromchla na gréine, agus meastar gur 15,000 °C de theocht a bhíonn ina lár.
Dath dearg a bhíonn ar na réaltaí is fuaire, dath buí ar réaltaí i meánraon na teochta, ar an ngrian abair, agus dath gorm nó bán ar na réaltaí níos teo fós.
Ina réaltbhuíonta a bhíonn na réaltaí. Idir deich gcinn agus deich míle réalta a bhíonn sa bhuíon. Ina réaltraí a bhíonn na réaltbhuíonta seo.
Is iad seo na réaltaí is gaire don Domhan, lena bhfad amach i solasbhlianta:
Is síol a bhaineann leis réalta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Réalta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.