An Caimileon: Réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas

Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea an Caimileon, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius.

Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.

An Caimileon
an Caimileon
an Caimileon
Ainm Laidine (IAU)Chamaeleon
NodCha
Ginideach LaidineChamaeleontis
Siombalaíochtan caimileon
Dronairde11 h
Diallas−80°
Achar132 céim cearnach
Céim 79ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileγ Cha)
(méid 4.1)
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +0° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr

I measc lucht na hAstráile tugtar "an Friochtán" ar chuid na réaltbhuíne seo go coitianta toisc go bhfuil scothchosúlacht friochtáin air (féach fosta an Phéacóg).

Tugtar Chamaeleon mar ainm Laidine ar an gCaimileon.

Príomhghnéithe

  • δ1 Cha: déréalta chóngarach (I 294); méid 6.15 agus 6.49; deighilt 0.8"; uillinn suímh 084° (sa bhliain 1991)
  • ε Cha: déréalta chóngarach (HJ 4486); méid 5.32 agus 6.01; deighilt 0.4"; uillinn suímh 211° (sa bhliain 1997)
  • θ Cha: déréalta leathan (I 799); méid 4.34 agus 12.44; deighilt 31.3"; uillinn suímh 250° (sa bhliain 1911)
  • R Cha: réalta Mira Ceti (.i. réalta athraitheach fhadtréimhseach den saghas M); méid 7.50 – 14.20; tréimhse 334.58 lá
  • T Cha: réalta athraitheach neamhrialta den saghas INSB (.i. réalta athraitheach réaltnéalach nó Oiríon a mbaineann athruithe meara léi); méid 10.09 – 14.00; aicme speictreach F5
  • Z Cha: réalta U Geminorum (saghas UGSU) agus réalta athraitheach uraitheach (saghas EA); méid 11.50 – 16.23; tréimhse 104.1 lá

Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 3195: tá an réaltnéal pláinéadach seo suite idir δ agus ζ; scothgheal agus beagán fadaithe; ar amharcmhéid 11.6; 40"x30" ar trastomhas uilleach.

Stair

Ba iad an bheirt mhairnéalach Ollannacha Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman a chruthaigh réaltbhuíon an Chaimileoin idir na blianta 1595 agus 1597. Ar an 2 Aibreán 1595 chuir ceithre long chun na farraige ó Texel san Ollainn; ba é sin an chéad loingeas Ollannach a thaistil ar na hIndiacha Thoir. Bhí Keyser mar ardmháta agus ardphíolóta ar bord na loinge Hollandia sa loingeas.

Roimhe sin, áfach, rinne an ministir Pléimeannach Petrus Plancius teagmháil leis. Bhí Plancius ar cheann de bhunaitheoirí Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir, ach bhí sé ina réalteolaí agus a chartagrafaí chomh maith. Sa bhliain 1589 rinne sé cruinneog neamhaí, ach níorbh fhéidir leis réigiún an phoil neamhaí theas a líonadh toisc nach raibh mórán eolais ar fáil i dtaobh cheantar sin na spéire. Mar sin de, thug sé gléasra réalteolaíoch do Keyser agus mhúin sé é conas é a úsáid chun réaltléarscáil a tharraingt den leathsféar neamhaí theas.

Fuair Keyser bás sa bhliain 1596, ach chríochnaigh a chúntóir Frederick de Houtman (in éineacht le mairnéalach eile, Vechter Willemsz) an léarscáil. Sa bhliain 1597 tháinig an loingeas ar ais go dtí an Ollainn, agus thug de Houtman an léarscáil neamhaí agus réaltchatalóg do Plancius. Bhí 12 réaltbhuíon nua ar an léarscáil agus 135 réalta ar an gcatalóg. Sa bhliain 1592 rinne Plancius cruinneog neamhaí nua a thug isteach na réaltaí agus na réaltbhuíonta nua (chomh maith le réaltbhuíon eile a chruthaigh sé féin, .i. an Colm). Sa bhliain 1603 tháinig na réaltbhuíonta nua amach i gcló don chéad uair ar réaltatlas Uranometria de chuid an réalteolaí amaitéaraigh Gearmánaigh Johann Bayer.

Sa lá atá inniu ann, glacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta le gach ceann de na réaltbhuíonta a chruthaigh Keyser agus de Houtman (féach an bosca thíos) – agus an Chaimileoin san áireamh. Is é an t-ainm Ollainnise a thug an bheirt mhairnéalach ar an réaltbhuíon seo ná Het Chameljoen, ach d'aistrigh Plancius go Laidin é mar Chamaeleon.

Miotaseolaíocht

Ós rud é gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an Caimileon, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht léi.

Réaltaí

    Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
      α Cha 4.05; β Cha 4.24; γ Cha 4.11; δ1 Cha 5.46; δ2 Cha 4.45; ε Cha 4.88; ζCha 5.07; η Cha 5.46; θ Cha 4.34; ι Cha 5.34; κ Cha 5.04; μ1 Cha 5.53; μ2 Cha 6.60; ν Cha 5.43; π Cha 5.64
    Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
      9 Cha 6.05
    Réaltaí suntasacha eile:
    • R Cha 7.5 - 14 – réalta athraitheach fhadtréimhseach
    • Z Cha 11.4 - 15.3 – réalta U Geminorum


Féach fosta

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


An 12 réaltbhuíon a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir 1595 agus 1597 agus a thug isteach Johann Bayer ina léarscáil neamhaí Uranometria sa bhliain 1603

an Caimileon | an Colgán | an Chorr | an Chuileog | Éan Parthais | an Féinics | an tIasc Eitilte | an tIndiach | | an Phéacóg | an Phéist Bheag | Triantán an Deiscirt | an Túcán


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir

Tags:

An Caimileon PríomhghnéitheAn Caimileon Réada suntasacha domhainspéireAn Caimileon StairAn Caimileon MiotaseolaíochtAn Caimileon RéaltaíAn Caimileon Féach fostaAn Caimileon Naisc sheachtrachaAn Caimileon TagairtíAn Caimileon159515971603An GhearmáinJohann BayerRéaltbhuíon

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

16 SamhainConmáelSteve JobsUttar PradeshIdirlíon1981HirohitoCailínEitleonaicMarcus Mac ConghailSamhradhLá na MáithreachaSussex ThiarXeanónFiannaíochtPitAn GhearmáinThe Voice (séasúr 20 na SA)LuascadánTailliamAitéinéGlasGottfried LeibnizFuinneamhSaor-Raidió ChonamaraCaitríona II na RúiseAn GhraonlainnWiki Foundation71943American Idol (sraith 11)Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoinPRiail dhíreach (Tuaisceart Éireann)23 Feabhra28 EanáirLá saoireNagoyaAmerican Idol (sraith 17)11 Samhain1988PápaLamborghiniThree Mile Island1989Robin Warren1920The Voice (séasúr 22 na SA)Príomh-AireHidrileictreachasUisceCómhaoin WikimediaToirchiú in vitro1885Peiriú2004An AirgintínSincMícheál Ó CoileáinVicipéid na GaeilgeSéarlas IIIOigheannPioratramGwyneth PaltrowSalvadorAn RúisisAmerican Idol (sraith 7)Páirtí na Sóisialaithe RéabhlóideachaBriúlán1993Fír flathemonRóbaitic🡆 More