Tá an Dealbhóir ar cheann de na réaltbhuíonta miona atá le feiceáil ar an leathsféar neamhaí theas.
An tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo. Ar dtús d'ainmnigh sé as ceárta dhealbhóra – L'Atelier du Sculpteur as Fraincis, nó Apparatus Sculptoris as Laidin – ach giorraíodh an t-ainm go Sculptor (sin le rá, "an Dealbhóir") idir sin is tráthas.
Ainm Laidine (IAU) | Sculptor |
---|---|
Nod | Scl |
Ginideach Laidine | Sculptoris |
Siombalaíocht | Dealbhóir |
Dronairde | 0 h |
Diallas | −30° |
Achar | 475 céim cearnach Céim 36ú |
Réalta is gile | α Scl (méid 4.31) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +50° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain an infheictheacht is fearr |
Tá pol theas an Réaltra le feiceáil ar réaltbhuíon an Dealbhóra.
Le feiceáil fosta ar an réaltbhuíon seo atá Abhacréaltra an Dealbhóra (dá ngairtear freisin Córas an Dealbhóra), abhacréaltra atá páirteach sa Ghrúpa Áitiúil; agus Grúpa an Dealbhóra, an bhraisle réaltraí is giorra don Ghrúpa Áitiúil.
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an Dealbhóra. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Dealbhóir ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
L’Atelier du Sculpteur an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús, rud a chiallaíonn Saotharlann an Dealbhóra; Apparatus Sculptoris an t-ainm Laidine a thugtar uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763, ach giorraíodh an t-ainm seo go Sculptor idir sin is tráthas.
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an Dealbhóra go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Dealbhóir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.