I mí Mheán Fómhair 2023, rinne an Asarbaiseáin ionradh ar 'Phoblacht Artsakh', nó 'ionsaí' ar Nagarna-Carabaic (Béarla: Nagorno-Karabakh) mar ab fhearr aithne uirthi.
Ceantar a bhí timpeallaithe ag an Asarbaiseáin, ach ina mbíodh cónaí ar Airméanaigh le cuimhne na ndaoine, a bhí in Artsakh. Chuir na hAsarbaiseánaigh an ruaig ar na hAirméanaigh go léir (120,000 Airméanach a bhí ina cónaí sa chríoch)
| ||||
Cineál | ionsaí míleata coinbhleacht eitneach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Nagorno-Karabakh conflict (en) | |||
Tréimhse | 19 - 20 Meán Fómhair 2023 | |||
Dáta na bliana | Meán Fómhair 2023 | |||
Tréimhse ama | stair chomhaimseartha | |||
Suíomh | Mardakert District, An Asarbaiseáin (en) Khojaly District, An Asarbaiseáin (en) Khojavend District, An Asarbaiseáin (en) Stepanakert, An Asarbaiseáin Aghdam District (en) Shusha, An Asarbaiseáin (en) , An Nagarna-Carabaic, An Asarbaiseáin | |||
Tír | an Asarbaiseáin | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Poblacht Artsakh | |||
Ba chúis leis | 2023 Armenian protests (en) exodus of Armenians from Nagorno-Karabakh (en) Azerbaijani Armed Forces (en) | |||
Croineolaíocht | ||||
Nagorno-Karabakh fuel depot explosion (en) | ||||
Le cuid | ||||
Bhí an chuid is mó den chríoch á rialú ag 'Poblacht easaontach na hArtsakh', ar a dtugtar Poblacht Nagarna-Carabaic (PNC) freisin - ó dheireadh an chéad Chogaidh Nagarna-Carabaic idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i 1994. Rinne an Grúpa OSCE Minsk idirghabháil orthu maidir le stádas díospóide an réigiúin.
Idir 27 Meán Fómhair 2020 - 10 Samhain 2020, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh ar chuid den réigiún. Maraíodh cúpla míle nó níos mó.
Idir 2022-2023, bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma. Ó mhí na Samhna 2022, cuireadh isteach go mór ar ghluaiseacht rialta daoine, feithiclí agus lastais. Cuireadh saol 120 000 Airméanach, a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic ag an am sin, i mbaol. Cuireadh bac ar a rochtain ar sholáthairtí úra agus ar shaorghluaiseacht, agus ciorraíodh a soláthairtí gáis agus leictreachais. Ón 12 Nollaig 2022 ar aghaidh, bhí Conair Lachin, an t-aon nasc talún idir an Nagarna-Carabaic agus Poblacht na hAirméine, blocáilte, a bheag nó a mhór, ag an Asarbaiseáin.
I mhí Meán Fómhair 2023, thosaigh an cogadh arís agus ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh. Cás an leoin agus na luiche a bhí ann.
Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic. Coicís tar éis ionradh na nAsarbaiseánach, ní raibh ach 1,000 den 120,000 Airméanach a mbíodh cónaí orthu in Artsakh fágtha sa cheantar; bhí an chuid eile tar éis teitheadh go dtí an Airméin – ceann de na cásanna is tromchúisí le tamall de bhlianta anuas, de réir na nAirméanach, den éagóir ar a dtugtar ‘glanadh eitneach’.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh, 2023, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.