1920 Domhnach Na Fola

Lá fuilteach ab ea Domhnach na Fola, a tharla le linn Chogadh na Saoirse ar an 21 Samhain 1920.

Lá brúidiúil, cinniúnach i stair na hÉireann agus lá ar airíodh a iarmhairtí ar feadh na mblianta. Bhí eachtraí an lae sin go mór chun tosaigh i seanchas na réabhlóide in Éirinn.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDomhnach na Fola
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Bloody Sunday Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Samhain 1920 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPáirc an Chrócaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna14 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe65 Cuir in eagar ar Wikidata


1920 Domhnach Na Fola
Cuimhneachán i bPáirc an Chrócaigh

Imeachtaí

Maidin

1920 Domhnach Na Fola 
Baill na droinge 'Caireo'
1920 Domhnach Na Fola 
24 Samhain 1920, ospidéal Jervis, BÁC

Bhí cinneadh déanta ag Micheál Ó Coileáin ruathar maraithe a dhéanamh ar 35 gníomhaire faisnéise de chuid na Breataine. Ba iad ‘The Twelve Apostles’ scuad feallmharaithe an Choileánaigh a bhíodh i mbun na hoibre fuiltí seo de ghnáth ach de bharr uaillmhian an mhisin seo b’éigean fir bhreise a earcú.

Thosaigh móreachtraí an lae go luath ar maidin le dúnmharú na mbleachtairí. Lámhachadh cúigear déag an mhaidin úd gan taise gan trócaire, sibhialtaigh ina measc. Bhí cuid acu (seisear ar a laghad) ina oifigigh faisnéise Briotanach.

Bhraith fórsaí na Breataine chomh sábháilte sin go raibh cuid acu buailte fúthu in óstáin agus tithe lóistín.. Bhí na dúnmharuithe thar a bheith brúidiúil. Bhí cuid acu sa leaba agus ina bpitseámaí go fóill.

Tráthnóna

San iarnóin thug na póilíní agus fórsaí na Breataine aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ag tóraíocht na bhfear gunna. Ní raibh siad ag lorg díoltais ar dús ach thit rudaí as a chéile. Ní raibh ach tuairim is deich nóiméad den chluiche idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn imeartha nuair a thosaigh an lámhach.

1920 Domhnach Na Fola 
Michael Collins, 1921

Maraíodh 14 sibhialtach - aon imreoir amháin ina measc, Michael Hogan (gortaíodh imreoir eile, Jim Egan).

Oíche

Rinneadh céasadh ar thriúir Óglaigh agus iad faoi ghlas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus scaoileadh marbh iad, Risteárd Mac Aoidh, Peadar Mac Fhlannchaidh agus Conchobhair Mac Clúin. Maraíodh an triúir mar dearbhaíodh go raibh siad ag iarraidh éalú.

Bhí baint ag Mac Aoidh agus Mac Fhlannchaidh i bpleanáil oibríochtaí gasúr na hÓglaigh an lá sin. Ach ní raibh baint ar bith ag Conchobhair Mac Clúin leo, cé go raibh suim aige sa Ghaeilge, agus bhí sé sna hÓglaigh.

Cúlra

1920 Domhnach Na Fola 
Comóradh na triúir príosúnach a maraíodh

Tharla na heachtraí seo i rith Cogadh na Saoirse. Bhí Óglaigh na hÉireann ag troid Arm na Breataine. D’earcaigh an Rialtas na Dúchrónaigh agus an Rannán Cúnta (Auxiliary Division) - na hAuxies mar a thugadh na hÉireannaigh orthu. Is é an téarma Gaeilge a úsáidtear inniu ná na Póilíní Cúnta. Iar-oifigigh Airm ab ea na Dúchrónaigh..

In áiteanna cosúil le Tiobraid Árann ba threallchogaíocht fhíochmhar a bhí ann, ach i mBleá Cliath ba chomhrac faisnéise a bhí ar siúl.

Níos déanaí

Cuireadh ochtar díobh siúd a maraíodh i bPáirc an Chrócaigh in uaigh gan leacht (ní raibh airgead acu ag an am), éagóir nár cuireadh ina cheart go hiomlán go dtí 2019.

Taighde

Tá an clár faisnéise Bloody Sunday 1920 (RTÉ) bunaithe ar leabhar le Michael Foley.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

1920 Domhnach Na Fola Imeachtaí1920 Domhnach Na Fola Cúlra1920 Domhnach Na Fola Níos déanaí1920 Domhnach Na Fola Féach freisin1920 Domhnach Na Fola Tagairtí1920 Domhnach Na Fola192021 SamhainCogadh na Saoirse (Éire)FuilRéabhlóidStair na hÉireann

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An GhaeilgeSíceolaíochtJammu agus an Chaismír (críoch aontais)DúlraFisicPionós an bháisAn IndinéisLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaAigéanCú ChulainnClem ChristesenAnimeRichard WagnerSydneyCumann Lúthchleas GaelÓgie Ó CéilleachairCLG Chontae Bhaile Átha Cliath5 SamhainBanc ceannais12 SamhainTriomachPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Cogadh na Saoirse (Éire)An TéalainnisTrasfhoirmeoir DlíCathal Ó SearcaighNua-Eabhrac (cathair)Éire (Poblacht na hÉireann)Seoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannLeBron JamesAonaid amaGreenville, AlabamaGaiscíochÉiceolaíocht2012Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheErc Dhál RiadaAn Chartaig ÁrsaAn DomhanAigéad dí-ocsairibeanúicléasachJavaDúrabhánAirgeadasFéilire GhréagóraÁine na Breataine MóireAn Dara Cogadh Domhanda4 Meitheamh1940LeonMediaWikiTeanga ríomhchlárúcháinAdolf HitlerGreta ThunbergGramadach na GaeilgeContae Lawrence, AlabamaAoibhinn Beatha an ScoláireCeardchumannIarannFéinmharúIKEAContae Thiobraid ÁrannIonradh na Rúise ar an ÚcráinAn Gorta MórIriseoireachtAilbhe Ó MonacháinJoe Steve Ó NeachtainLongCeannairc🡆 More