Is astaireacht traidisiúnta é Folt Bheirnicé a ndearnadh réaltbhuíon ó shin de.
Is Coma Berenices an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn Folt Bheirnicé. Tá sé suite in aice leis an Leon, agus mheastaí ar dtús gurbh é ruball an Leoin a bhí ann.
Ainm Laidine (IAU) | Coma Berenices |
---|---|
Nod | Com |
Ginideach Laidine | Comae Berenices |
Siombalaíocht | Folt Bheirnicé |
Dronairde | 12.76 h |
Diallas | +21.83° |
Achar | 386 céim cearnach Céim 42ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | β Com (méid 4.26) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr |
Cé gur beag an réaltbhuíon é Folt Bheirnicé, faightear ocht réad Messier istigh ann. Is iomaí réaltraí atá ann, ó tharla go gcuimsíonn sé an chuid ó thuaidh de bhraisle na Maighdine. Tá go leor réaltbhraislí cruinneogacha le feiceáil ann freisin. Is féidir na réada seo a fheiceáil gan mórán modarthachta de bharr deannigh, ós rud é nach bhfuil an réaltbhuíon suite i dtreo phlána an Réaltra. Dá bhrí sin, áfach, níl ach cúpla réaltbhraisle oscailte (ach amháin braisle Bheirnicé, a chuireann go mór leis an gcuid ó thuaidh den réaltbhuíon), réaltnéal idirleata agus réaltnéal pláinéadach istigh ann.
Aithnítear Folt Bheirnicé mar astaireacht aonair ó am na Sean-Ghréagach. Rinne Eratosthenes tagairt dó san am céanna mar "Fholt Airianna" agus "Fholt Bheirnicé". Agus rinne Tolamaes tagairt dó mar "an dual" (gruaige); ach níor áirigh sé é, áfach, i measc na 48 réaltbhuíon aige; ba chirte a rá gur fhéach sé ar mar pháirt an Leoin. Ar feadh i bhfad, d'ionannaítí Folt Bheirnicé go coitianta leis an mbobailín gruaige ag bun ruball an Leoin, nó uaireanta le píosa de réaltbhuíon na Maighdine.
I rith an séú aois déag, léiríodh dhá réaltbhuíon nua, Folt Bheirnicé ina measc, ar chúpla léarscáil neamhaí a rinneadh san aois sin. Is é Tycho Brahe an fear a gcuirtear ina leith de ghnáth gur cheap sé an réaltbhuíon seo; d'áirigh sé mar réaltbhuíon aonair é ar a réaltchatalóg sa bhliain 1602; bhí Folt Bheirnicé freisin ar Uranometria de chuid Johann Bayer, a tháinig amach sa bhliain 1603.
Cé gur réaltbhuíon nua-aimseartha í an réaltbhuíon seo, baineann sí le seanscéal taitneamhach. Tá sí ar cheann den bheagán réaltbhuíonta (i dteannta na Scéithe) atá ainmnithe as pearsa staire, is é sin le rá Banríon Bheirnicé II na hÉigipte, bean chéile Tholamaes III Euergetes (fl. 246 RC - 221 RC), an rí a ndearnadh ionad tábhachtach cultúir de Chathair Alastair faoina riar.
Timpeall 243 RC, thug an rí faoi shluaíocht bhaolach in éadan na Síreach, tar éis dóibh a deirfiúr a dhúnmharú. Gheall Bheirnicé don bhandia Afradaíté go n-íobródh sí a chuid ghruaige fada cáiliúla, a raibh an-bhród uirthi as, dá dtiocfadh a fear céile slán abhaile. Tháinig, agus baineadh gruaig na banríona agus fágadh i dteampall an bandé í.
An mhaidin dár gcionn, áfach, ní raibh an ghruaig le feiceáil; tháinig straidhn feirge ar an rí agus an mbanríon, a cheap gurbh iad sagairt an teampaill a ghoid an ghruaig. Chun suaimhneas a chur iontu (agus chun beatha na sagart a shlánú), d'fhógair réalteolaí na cúirte, Conon, gur thaitin an ofráil leis an mbandia chomh mór sin gur chuir sí ar an spéir í; agus thaispeáin sé braisle réaltaí a ionannaíodh um a dtaca sin le ruball an Leoin. As sin amach, gairtear Folt Bheirnicé de na réaltaí úd.
Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria |
an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros |
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr |
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé |
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Folt Bheirnicé, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.