Úrscéal de chuid an údair Mheiriceánaigh Dan Brown is ea The Da Vinci Code a d'fhoilsigh Doubleday Fiction sa bhliain 2003.
Bhí tóir mhór ar an leabhar ar fud fad an domhain le 36 milliún cóip i gcló (ó Mhí Lúnasa 2005) agus aistríodh é ina 44 teanga. Is é an leabhar an dara cuid de tríológ a thosaigh leis an chéad úrscéal ó pheann Brown sa bhliain 2000, Angels and Demons, inar cuireadh an carachtar Robert Langdon in aithne don chéad uair.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Dan Brown |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | Stáit Aontaithe Mheiriceá , Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe, 2003 |
Foilsitheoir | Doubleday, Transworld Publishers, Bantam Books agus Qanun (en) |
Tréith | |
Seánra | ficsean comhcheilge, úrscéal rúndiamhair, ficsean bleachtaireachta, ficsean coiriúlachta agus scéinséir |
Líon na leathanach | 519 |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | Páras |
Cuid den tsraith | |
Robert Langdon series | |
Eile | |
Suíomh gréasáin | danbrown.com… |
Maíonn an leabhar go bhfuil an Eaglais Chaitliceach páirteach i gcomhcheilg chun fíorscéal Íosa Críost a cheilt. Tugann seo le fios go bhfuil an t-eolas seo ag an Vatacáin ach go bhfuil sé á cheilt, chun go mbeidh sí ábalta fanacht i réim.
Baineann an leabhar seo le hiarracht Robert Langdon, Ollamh siombaileolaíochta reiligiúnda ag Ollscoil Harvard, chun dúnmharú Jacques Saunière, feighlí Dhánlann an Louvre, ar a raibh clú agus cáil, a fhiosrú. Tá baint ag an teideal leis an bhfíric gur aimsíodh corp taobh istigh den Louvre, agus é lomnocht agus gothach cosúil le Fear Vitruvius, tarraingt de chuid Leonardo da Vinci le teachtaireacht dhiamhair scríofa in aice lena chorp. Chomh maith leis sin, bhí peinteagram tarraingthe ar a bholg ina fhuil féin. Tá ciall na dteachtaireachtaí ceilte i saothair Da Vinci, mar aon leis an Mona Lisa agus An Suipéar Déanach, tabháchtach d'fhreagra na rúndiamhair.
Dírítear aird ar an dá rúndiamhair seo sa scéal:
Tá ceangal idir freagra na gceisteanna seo agus an áit ina bhfuil an Soidheach Naomhtha lonnaithe agus eagraíocht diamhair darb ainm An Priory of Sion, chomh maith leis na Teamplóirí. Tá baint mhór ag an eagraíocht Chaitliceach Opus Dei sa phlota freisin.
Is é seo an dara leabhar de chuid Brown inarb é Robert Langdon an príomhcharachtar. Bhí an leabhar deireanach, Angels and Demons, suite sa Róimh agus bhain sé siúd leis an Illuminati.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article The Da Vinci Code, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.