Planda bláthach inite sa bhfine Amaranthaceae, a bhíonn dúchasach san Áise láir agus iarthair, is ea spionáiste.
Is planda bliantúil é (corruair débhliantúil), a fhásann suas le 30 cm ar airde. Féadfaidh spionáiste maireachtáil thar an gheimhridh i réigiúin mheasartha. Duillí ailtéarnacha, simplí, ubhacha go triantánacha, agus an-athraitheacha i méid ó thart ar 2-30 cm ar fad agus 1-15 cm ar leithead a bhíonn acu, le duillí móra ag bun na bplandaí agus duillí beaga níos airde ar an bhláthghas. Bíonn na bláthanna neamhfheiceálach, buí-uaine, 3-4 mm ar thrastomhas, ag teacht in aibíocht mar chrobhaing chnapach torthaí a bhíonn beag, crua agus tirim, 5-10 mm ar fud, agus ina mbíonn roinnt síolta .
Spinacia oleracea | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | spinach (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Amaranthaceae |
Treibh | Anserineae |
Géineas | Spinacia |
Speiceas | Spinacia oleracea L., 1753 |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Spionáiste, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.