Scríbhneoir, péintéir agus ceoltóir Indiach a bhí i Rabindranath Tagore.
Saolaíodh ar an 7 Bealtaine 1861 é agus fuair sé bás ar an 7 Lúnasa 1941).
Buaiteoir Duais Nobel na Litríochta a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti. Ba é Tagore an chéad scríbhneoir nárbh as an Eoraip dó a bhain amach Duais Nobel.
Ar aon dul leis an bPiarsach, náisiúnaí, file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Bhunaigh Tagore scoil i Santiniketan, sa Bheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thug Yeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil an Phiarsaigh i Raghnallach a bhog ina dhiaidh sin go Ráth Fearnáin.
Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste san oideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an "Ard-Fhírinne" mar a thug Tagore uirthi. D’áitigh Tagore gur sórt monarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh an Impireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar a chultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.
Ba iad Gitanjali, Gora, agus Ghare-Baire na saothair ba mhó a thuill clú dó.
Bhí dráma le Tagore darbh ainm The Post Office aistrithe ag Yeats ón mBeangáilis.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rabindranath Tagore, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.