Cluas

Orgán a bhaineann leis an éisteacht, agus i mamaigh, leis an gcothrom is ea an chluas.

I mamaigh, de ghnáth déantar cur síos ar an gcluas mar thrí chuid - an chluas sheachtrach, an chluas láir, agus an chluas inmheánach. Is éard atá sa chluas seachtrach ná an cluaisín agus an chanáil éisteachta. Ós rud é gurb í an chluas seachtrach an t-aon chuid den chluas atá le feiceáil i bhformhór na n-ainmhithe, is minic a thagraíonn an focal "cluas" don chuid sheachtrach amháin. Cuimsíonn an chluas lár an cuas tiompánach agus na trí cnámhóg cluaise. Suíonn an chluas istigh sa lúbra cnámhach, agus tá struchtúir ann atá lárnach do roinnt céadfaí: na canálacha leathchiorclach, a chuireann cothrom agus súil rianaithe ar chumas le linn gluaiseachta; an t-uitrím agus an sacaín, a chumasaíonn an cothrom le linn stad; agus an cochla, a chuireann ar chumas an duine éisteacht. Cuirtear cluasa na veirteabrach go siméadrach ar gach taobh den cheann, socrú a chuidíonn le logánú fuaime.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCluas
Cluas
Cuid deceann
Aitheantóirí
MeSHD004423
TAA01.1.00.005
A15.3.00.001
FMA52780 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1029
Téarmaíocht anatamaíoch

An chluas sheachtrach

Tagann na fuaimthonnta tríd an duillín agus tríd an gcanáil sheachtrach chloisteála. Buaileann siad tiompán na cluaise, agus critheann sé i bpas le brú na fuaime.

An chluas láir

Tá trí chnámhóg sa chluas láir agus iad ceangailte lena chéile: an casúirín a ghluaiseann i dtiúin le tiompán na cluaise; an inneoin agus an stíoróipín. Tiomáineann sí seo scannán beag sa chochla, an fhuinneog ubhchruthach.

An chluas inmheánach

Bíonn an chochla sa chluas inmheánach lán le leacht agus brat de ribechealla feadh a fhaid, agus má ghluaiseann an fhuinneog ubhchruthach tarchuirtear tonnta tríd an leacht. Spreagann na tonnta seo néarchinn na néaróige cloisteála.

Íogaireacht na cluaise daonna

Ní hionann íogaireacht na cluaise daonna chun gach uile mhinicíocht. Úsáidtear an chloismhéadracht chun íogaireacht na cluaise a thomhas. Is ionann tairseach na cloisteála agus an fhuaim is lú déine a chloiseann an chluas. Ní hionann an tairseach seo i gcás gach uile mhinicíocht. Ní féidir fuaim ar bith faoi bhun na tairsí a chloisteáil. Ni chloistear rud ar bith faoi 20 Hz ná os cionn 20 kHz.

Is minic a dhéanann dáileoga iomarcacha d'fhuaimchumhacht damáiste do néarchinn na ribecheall.

Tags:

Cluas An chluas sheachtrachCluas An chluas láirCluas An chluas inmheánachCluas Íogaireacht na cluaise daonnaCluasCanáil éisteachaCluas láirCluas sheachtrachOrgán (bitheolaíocht)

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An Iodáil8 SamhainPop-cheolFearEarrachDrentheAn GhraonlainnDieppeTuairisc1780Three Mile IslandEitleonaicZooey DeschanelSeadógFoilsiúAn IoruaCumann Lúthchleas GaelThe Voice (séasúr 14 na SA)Ludwig WittgensteinGlacaireachtPunt steirlingCnuasainmnSeoltacht theirmeach20001748Córas Idirnáisiúnta na nAonadAn TibéidisDubhghlas de hÍdeAn DanóibLéachtóirAmerican IdolCSacar56An ChróitAmerican Idol (sraith 13)DéshúileachAn Luan33An tSeapáinPápaEris (abhacphláinéad)MúnlachBéal na BláMentha aquaticaOigheann1978CroíIOSZombaíLeabhar Mór LeacáinXeanónNa FíréinRiyadhUttar PradeshPoll na mBrón1655PárAn Chasacstáin11 LúnasaCogadh na hIaráiceAn Táidsíceastáin1535Carles PuigdemontAn LibiaBridgetownJohn F. KennedyTramCath EachromaIascTeinisín1975CleiméatasAmerican Idol (sraith 19)Copóg🡆 More