Is éard a bhí i gceist leis an Ostair-Ungáir (nó Impireacht na hOstaire is na hUngáire, nó an Démhonarcacht, nó Monarcacht na Danóibe, nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga) ná an t-aontas bunreachtúil monarcach i lár na hEorpa a tháinig ar an bhfód de thoradh an Ausgleich, nó Comhréiteach na bliana 1867.
De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit, cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.
Mhair an démhonarcacht bliain amháin thar an leathchéad. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.
Ní mór an giorrúchán k.u.k. (kaiserlich und königlich, "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán k.k. (kaiserlich königlich, "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin. Tagraíonn an giorrúchán kgl. ung. (königlich ungarisch, ríoga Ungárach) d'údaráis na hUngáire (m. kir. nó magyar királyi an leagan Ungáirise).
Na tailte a bhí á rialú ag an monarc Hapsburgach i ról Impire na hOstaire, ba iad na tailte thuaidh agus thiar, nó Impireacht na hOstaire, an Tír ar an taobh abhus d'Abhainn Leitha (Cisleithanien) nó na Tailte le hIonadaíocht sa Reichsrat (Die im Reichsrat vertretenen Länder). I ról Rí na hUngáire, bhí an monarc ag rialú Ríocht na hUngáire, nó an Tír taobh thall d'Abhainn Leitha (Transleithanien), nó Tíortha Coróin Stiofáin Naofa. Is éard a bhí i gceist le Leitha ná craobh-abhainn de chuid na Danóibe, agus í ina teorainn, a bheag nó a mhór, idir an Ostair agus an Ungáir.
Nuair a bhí an Démhonarcacht ann, bhí Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh ann i gcónaí ó thaobh an dlí de. Ní raibh ach an Ostair suite taobh istigh de theorainneacha na himpireachta sin - bhí an Ungáir neamhspleách ar an Impireacht Naofa.
Bhí féinrialtas ag an Ungáir, ach bhí an monarc, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Chogaidh i bpáirt ag an dá stát, chomh maith leis an gcuid den Roinn Airgeadais a raibh freagracht uirthi as maoiniú na bhfórsaí armtha agus na taidhleoireachta.
Ba iad Vín agus Búdaipeist an dá príomhchathair: Vín san Ostair agus Búdaipeist san Ungáir. Ba í an Ostair-Ungáir an dara tír is mó san Eoraip de réir an achair i ndiaidh Impireacht na Rúise (621.538 km², nó 239.977 míle chearnach sa bhliain 1905) agus í ar an tríú tír ó thaobh an daonra de (i ndiaidh na Rúise agus Impireacht na Gearmáine). Sa lá atá inniu ann, tá timpeall ar 69 milliún duine ina gcónaí sna tailte a bhain leis an Impireacht lena linn.
Ós impireacht ilnáisiúnta agus mórchumhacht a bhí ann, bhí an Ostair-Ungáir thíos le teacht na ngluaiseachtaí náisiúnta sa naoú haois déag. Cuid lárnach de shaol pholaitiúil na tíre ab ea na héilimh a bhí ag na gluaiseachtaí seo agus na díospóireachtaí a spreag siad.
I gcaidreamh idirnáisiúnta is é an t-ainm a bhí ar an monarcacht ná Österreichisch-Ungarische Monarchie, is é sin, an Mhonarcacht Ostarach-Ungárach, de réir chinneadh an Impire Proinsias Seosamh a hAon ón mbliain 1868. Tagraíonn an t-ainm seo do na Ríochtaí agus na Tailte le hIonadaíocht sa Chomhairle Impiriúil (an Reichsrat) agus Tailte Choróin Stiofáin Naofa in éineacht. Is éard atá i gceist le Stiofán Naofa ná Stiofán a hAon, Rí na hUngáire i dtús na haonú haoise déag, a rinne tír Chríostaí den Ungáir. Duine de naoimh na hEaglaise Caitlicí é Stiofán.
Is é an teideal a chuireadh an monarc lena ainm agus é ag síniú conarthaí idirnáisiúnta ná Kaiser von Österreich und Apostolischer König von Ungarn, is é sin, Impire na hOstaire agus Rí Aspalda na hUngáire. Sa chaidreamh phearsanta, thugtaí Seine K. u. K. apostolische Majestät, "A Mhórgacht Aspalda Impiriúil agus Ríoga" air.
Ba iad tailte na hOstaire ná:
Sa bhliain 1878, shealbhaigh an Ostair-Ungáir an Bhoisnia agus an Heirseagaibhéin, chomh maith le cathair Novi Pazar agus an cúige (Sandžak) a bhain léi ón Tuirc Otamánach. Bhí na tailte seo á rialú mar ghabháltas míleata go dtí an bhliain 1908, nuair a nascghabh an Ostair iad - is é sin, nuair a cuireadh leis an Impireacht iad go hoifigiúil.
Ainm na Démhonarcachta i dteangacha oifigiúla a saoránach:
Ní raibh bunreacht ag an démhonarcacht i gciall cheart an fhocail. Is iad na dlíthe seo leanas a rinne gnó an bhunreachta:
Ba iad an Ghearmáinis agus an Ungáiris na príomhtheangaí, nach san Ostair agus sna húdaráis impiriúla ríoga, cosúil leis na fórsaí armtha, bhí na húdaráis sásta stádas áirithe a ghéilleadh do na teangaí mionlaigh. Bhí móid dílseachta an tsaighdiúra i gcló sna teangaí éagsúla, mar shampla.
Teanga | Líon na gCainteoirí | Céatadán na gCainteoirí |
---|---|---|
Gearmáinis (An Ghiúdais leis) | 12.006.521 | 23,36 |
Ungáiris | 10.056.315 | 19,57 |
Seicis | 6.442.133 | 12,54 |
Polainnis | 4.976.804 | 9,68 |
Seirbis agus Cróitis | 4.380.891 | 8,52 |
Úcráinis (Ruthenisch, mar a thugtaí uirthi go hoifigiúil) | 3.997.831 | 7,78 |
Rómáinis | 3.224.147 | 6,27 |
Slóibheaicis | 1.967.970 | 3,83 |
Slóibhéinis | 1.255.620 | 2,44 |
Iodáilis (Teangaí gall-románsacha eile leis) | 768.422 | 1,50 |
Teangaí eile | 2.313.569 | 4,51 |
Iomláine | 51.390.223 | 100,00 |
Chuaigh an Démhonarcacht go domhain i bhfeidhm ar a muintir, agus nuair a bhí a ré thart, is iomaí scríbhneoir a chuaigh i mbun pinn le cultúr sainiúil measctha na Démhonarcachta a chur os cionn an tsaoil mhóir. Bhí an-pháirt ag an Démhonarcacht sna leabhair seo leanas:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Ostair-Ungáir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.