Oileánra iargúlta sna Farraigí Theas is sea Oileán Auckland (Māori: Motu Maha nó Maungahuka).
Tá siad suite 465 ciliméadar siar ó dheas ón chalafort Bluff ar Oileán Theas na Nua-Shéalainne. Cuid d'Oileáin Fho-Anarctacha na Nua-Shéalainne iad. Tá na hoileáin neamháitrithe.
Oileáin Auckland | ||||
---|---|---|---|---|
Auckland Islands (en) | ||||
Ainmnithe in ómós | William Eden, Céad Bharún Auckland | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | New Zealand Subantarctic Islands (en) | |||
Achar dromchla | 625 km² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Ciúin | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Is é Oileán Auckland an príomhoileán den ghrúpa agus 510 ciliméadar cearnach ann. Tá sé 42 ciliméadar ar fhad. Aillte crochta agus tírdhreach gharbh iad sainghnéithe an oileáin. Múr d'aillte atá sa chósta thiar. An ceann thoir thuaidh (in éineacht le hOileán Enderby trasna chaolais bhig uaidh) an t-aon áit a bhfuil talamh ann arbh fhéidir le héinne a shaothrú.
Polainéisigh na chéad daoine a tháinig chuig na hoileáin. Is féidir gurb ón 13ú haois na hiarsmaí díobh atá faighte ag seandálaithe ar Oileán Enderby. Is iad Oileáin Auckland an pointe is faide ó dheas dár shroich na Polainéisigh.
Ba é an chéad uair ar tháinig daoine eile ar na hoileáin ná teacht loinge Briotanaí sa bhliain 1806. Bhí na hoileáin tréigthe faoin am sin. Sa bhliain 1842, chuir scata Māori, in éineacht lena gcuid sclábhaithe Moriori, chuir siad fúthu ar iarthuaisceart an phríomhoileáin. Mhair an lonnaíocht úd fiche bliain. Sa bhliain 1849, tháinig scata Sasanach chomh maith. D'fhan siad seo dhá bhliain go leith. Ní raibh duine ná deoraí fágtha faoin bhliain 1863, nuair a cuireadh na hoileáin go hoifigiúil den chéad uair le líon na limistéar faoi réir na Nua-Shéalainne.
Bhristí longa timpeall na n-oileán chomh minic sin gur chuir an rialtas trí háit ar bun ar Oileán Auckland a raibh soláthar ann dóibh siúd a thiocfadh leo an t-oileán a bhaint amach. Tugann eolaithe cuairt ar na hoileáin go rialta agus ceadaítear turasóireacht ar an bpríomhoileán agus ar Enderby.
Is síol faoi thíreolaíocht na Nua-Shéalainne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Oileáin Auckland, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.