Turasóireacht

Séard atá i gceist le turasóireacht ná taisteal mar chaitheamh aimsire nó ar son fóillíochta.

De réir an Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta, is turasóirí iad daoine a thaistealaíonn agus a fhanann in áiteanna taobh amuigh dá ngnáth-thimpeallacht ar feadh níos lú ná bliain amháin ar chúiseanna cosúil le fóillíocht, gnó nó sláinte agus gan aon airgead a fháil acu as rud ar bith a dhéanann siad ann ó fhoinsí áitiúla.

Turasóireacht
Turasóireacht

Staidrimh

Tá idir bhorradh agus bhiseach sa turasóireacht dhomhanda leis na blianta. Sa bhliain 2004, bhain breis agus 763 milliún turasóirí cinn chúrsa idirnáisiúnta amach. Sa bhliain 2010, rinne 940 milliún duine amhlaidh, fás 6.6% ar an bhliain roimhe. Sa bhliain chéanna bhí 693 billiún euro de theacht isteach idirnáisiúnta ón turasóireacht, fás 4.7% ar an bhliain roimhe.

Póstaer taistil Thomas Cook, 1910, ag iarraidh turasóirí a mhealladh go dtí an Iamáice

Mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíochta domhanda sna 2000idí déanacha, thosaigh moill láidir sa taisteal idirnáisiúnta ag tosú i Meitheamh, 2008, moill a lean sa bhliain 2009. Thit líon na dturasóirí idirnáisiúnta 4% sa bhliain úd, agus thit an teacht isteach 6%. Bíonn an turasóireacht intíre tábhachtach ina lán áiteanna ar fud an domhain freisin.

Geilleagar

Tá an turasóireacht an-tábhachtach do roinnt tíortha de bharr an ioncaim a ghineann an tionscal as na seirbhísí agus rudaí a úsáideann na turasóirí, as na cánacha a íocann na gnólachtaí atá bainteach leis an turasóireacht, agus as an bhfostaíocht a ghineann sí.

Uaireanta, cruthaíonn an turasóireacht fadhbanna don timpeallacht, go háirithe in áiteanna áirithe cáiliúla, má bhíonn ró-fhorbairt ann nó mura ndéantar an fhorbairt chéanna go cúramach.

Turasóireacht 
Turasóireacht de réir tíre sa bhliain 2001

Sa bhliain 2011, is iad an Fhrainc, na Stáit Aontaithe, agus an tSín na trí thír is mó turasóireacht ar domhan, ach tá sí tábhachtach i ngach áit nach mór má bhíonn tír sábháilte agus tarraingteach go leor don turasóir.

Thig leis an ngnó seo a bheith an-tábhachtach ar fad do thíortha beaga a bhfuil tránna cois farraige agus aeráid the le linn an gheimhridh thuaisceartach acu, a leithéidí na Bahámaí, na Séiséil agus na Maildíve. Is iad Páras, Londain agus Nua-Eabhrac na trí chathair is mó tóir ag turasóirí orthu ar Domhan faoi láthair.

Tagairtí

Tags:

AirgeadBliainCaitheamh aimsireDuineGnóTaisteal

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

1894ArkansasLéiritheoir ceoilFéilireMalairt bhreoslaShauna BannonFéinmharúCeanada1934An ÉigiptSan Uinseann agus na GreanáidíníEaglais Chaitliceach RómhánachAn ÚcráinGoogle ChromeContae Uíbh FhailíAlbam ceoilUachtarán na Stát AontaitheSenchineoilCómhaoin WikimediaAn SpáinnAn BhanglaidéisVicífhoclóirRMS TitanicGluaiseacht (úrscéal)TaidhleoirGréasán DomhandaCrith talúnHTMLGerd MüllerUíbh Ráthach1923Falco peregrinusTrasphlandú orgánMozilla Firefox1698Críostóir ColambasRoe v. WadeMicrosoft WindowsLá Idirnáisiúnta ár Máthair-ChruinneLá BealtaineDaily MailRob MulhernNa Náisiúin AontaitheDaoine gealaTim Berners-LeeLiam III ShasanaDiarmaid Ó Donnabháin RosaAn GhuaráinisCamallBitheolaíochtStaidreamhDlúthdhioscaMeiriceánaighV11 LúnasaAntraipeolaíocht1950íCúbaStar WarsAccraCóras oibriúcháinFoirgníochtAn IaráinAn RómáinEacuadórMaicis1 NollaigImpireacht na hOstaire1431RíomheolaíochtCeimic🡆 More