Ileolaí de chuid na hAthbheochana ab ea Nicolaus Copernicus (Gaeilge:Nioclás Copairnic; Polainnis:Mikołaj Kopernik; Gearmáinis: Nikolaus Kopernikus; 19 Feabhra 1473 – 24 Bealtaine 1543), a bhí gníomhach mar mhatamaiticeoir, réalteolaí, agus canóin Chaitliceach, a chuir samhail den chruinne le chéile a chuir an Ghrian seachas an Domhan ina lár.
Saolaíodh é in Torún na Polainne.
Deirtear gur chuir a leabhar De revolutionibus orbium coelestium (I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe 1543) tús leis an réalteolaíocht nua-aimseartha. Luaitear an leabhar seo agus Principia Newton mar bhunús na réabhlóide eolaíochta.
"Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’."
Níor éirigh le Copairnic a theoiricí a fhoilsiú go raibh sé aosta go leor, de bhrí go raibh eagla air roimh na húdaráis eaglasta sa Róimh.
Ba é an chéad eolaí é a d'fhógair an córas héilealárnach, teoiric a deir go dtéann an domhan agus pláinéid eile an ghrianchóras timpeall na gréine. Is é a chruthaigh go rothlaíonn an domhan agus go dtimpeallaíonn an domhan is na pláinéid eile sa ghrianchóras an ghrian féin. Luaitear an córas héilealámach seo mar chóras Copemicus. Roimhe sin, creideadh gurbh é an domhan lár na cruinne agus go raibh gach rinn eile ag dul ina thimpeall.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nicolaus Copernicus, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.