Innealtóir meicniúil agus aireagóir Albanach ba ea James Watt, FRS, FRSE (19 Eanáir 1736 – 25 Lúnasa 1819).
Dhear sé inneall gaile a bhí an-tábhachtach sa Réabhlóid Thionsclaíoch i Ríocht na Breataine Móire agus ar fud an domhain.
Saolaíodh James Watt ar an 19 Eanáir 1736 sa Ghrianaig (Greenock), i Renfrewshire. Saor bád, úinéir bád agus conraitheoir a bhí ina athair, agus ba é baillie an bhaile é. Agnes Muirhead an t-ainm a bhí ar a mháthair. Preispitéirigh agus Cúnantóirí ba ea iad. Thomas Watt an t-ainm a bhí ar sheanathair James: múinteoir matamaitice agus baillie a bhí ann. Ar dtús fuair James óg an chuid is mó dá oideachas óna mháthair sa bhaile, ach ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar scoil ghramadaí an bhaile. D'éirigh go maith leis sa matamaitic, cé nach raibh mórán suime aige i Laidin ná Sean-Ghréigis.
Phós sé a chol ceathrair Margaret Miller sa bhliain 1764. Saolaíodh cúigear clainne dóibh, ach fuair sí bás sa bhliain 1772. Phós sé Ann McGregor as Glaschú sa bhliain cúig bliana ina dhiaidh sin: cailleadh sa bhliain 1832 í. Bhí Watt féin marbh faoin am sin: fuair sé bás ar an 25 Lúnasa 1819 ina theach, "Heathfield", i Handsworth, Birmingham, Sasana in aois 83 bliain dó.
An téacht is mó a thuill clú dó ná a inneall gaile nua. Bhí inneall gaile Newcomen ann cheana féin, ach d'fheabhsaigh Watt go mór é. Bhí ról lárnach ag inneall Watt sa Réabhlóid Thionsclaíoch agus mar sin is mór an tionchar a bhí aige ar stair an domhain uile.
Ba fellow of the Royal Society of Edinburgh agus Fellow of the Royal Society of London é. Ball den Batavian Society a bhí ann, agus duine den ochtar eachtrannach a bhí ina mbaill den Académie des sciences.
Úsáidtear an téarma watt nó vata in ómós dó.
Scríobh an t-úrscéalaí Sasanach Aldous Huxley (1894-1963); "To us, the moment 8:17 A.M. means something - something very important, if it happens to be the starting time of our daily train. To our ancestors, such an odd eccentric instant was without significance - did not even exist. In inventing the locomotive, Watt and Stephenson were part inventors of time."
Tá dealbh ollmhór le Francis Legatt Chantrey le fáil in St. Paul's Cathedral, ar a bhfuil scríofa:
“ |
| ” |
Ar an 29 Bealtaine 2009, d'fhógair an Bank of England go mbeadh Watt agus Matthew Boulton ar an nóta £50 nua.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article James Watt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.