Is deoch meisciúil é fíon a déantar as caora fíniúna agus sú na gcaor eile.
Ídíonn giosta an siúcra sna caora agus déanann eatánól agus dé-ocsaíd charbóin de.
Cineál | deoch alcóil choipthe agus alcoholic fruit beverage (en) |
---|---|
Comhábhair | fíon dearg, fíon bán agus fíon súilíneach |
Tréithe | |
Dath | dearg, bándearg, bán agus flannbhuí |
Tá stair fhada ag an bhfíon a théann siar na blianta chuig tús na staire scríofa. Is é an t-iarmsma fíona is mó cáil atá ar fáil ón réamhstair ná crúsca fhíon as an 5ú míle roimh Chríost. Ach más é sin an déantán is sine atá fágtha againn ó thraidisiún shaothrú an fhíona, is cinnte go dtéann an cultúir sin i bhfad níos faide siar sa stair ná sin.
Bhí fíon a shaothrú san Ais, san Ioráin, sa tSeoirse agus níos déanaí, san Éigipt chomh maith, ní nach ionadh. Bhí fíon fairsing san Impireacht Rómhánach agus mar gheall ar sin, i mbeagnach gach áit san Eoraip.
Sa lá atá inniu ann, tá fíon á shaothrú i go leor tíortha ar fud an domhain. Tá clú ar tháirgí fíona thíortha na hEorpa: is iad an Fhrainc, an Spáinn, an Ghearmáin, an Ostair, an Ungáir agus an Phortaingéil a shaothraíonn an chuid is mó d'fhíon na hEorpa, agus is ag an Fhrainc atá an sciar is mó den mhargadh.
Tá fíon á tháirgead i dtíortha eile ar fud na cruinne, go háirithe i gCalifornia i Meiriceá Thuaidh, sa tSile agus san Airgintín i Meiriceá Theas, agus san Astráil.
Is síol faoi dheoch é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fíon, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.