Dreigeoideach

Is é a bhíonn i ndreigeoideach ná rinn bheag spéire níos lú ná timpeall 1 km ar leithead, astaróideach beag, iarmhar cóiméid go minic, a bhíonn ag taisteal tríd an spás.

Dreigeoideach
Dreigeoidigh, dreigí agus dreigítí
Dreigeoideach
Dreige

Eolaíocht

Nuair a thagann a leithéid isteach in atmaisféar an Domhain, téitear é trí fhrithchuimilt leis an aer agus imbhualadh leis na móilíní aeir, go lonraíonn sé. Tugtar dreige air ansin.

Má imbhuaileann an réad soladach, carraigeach nó miotalach seo le dromchla an Domhain, tugtar dreigít air. Is é a bhíonn i réaltaí reatha ná dreigí, ar mhéid gráinne gainimh, a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar.

Dreigeoideach 
caor thine Geminid

Bíonn luas 10-70 km s-1 faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí eireaball deannaigh cóiméid. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na talún dóibh. Ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid liathróide agus sroicheann an talamh.

Contúirt

Buaileann dreigeoideach sách mór an t-atmaisféar uair nó dhó sa tseachtain, le pléasc ar cóimhéid le pléasc adamhach.

D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i 1975-1992. Bhraith satailítí rúnda míleata na pléascaí seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le buama beag adamhach.

Tharla pléascaí in iarthuaisceart na hÉireann, Sruth na Maoile, agus iarthar na hAlban.

Dreigeoideach 

Níor braitheadh fiú is ceann amháin de na pléascaí seo ar dhromchla an domhain, agus meastar nach mbraitheann na satailítí ach timpeall 10% de na himbhuailtí a tharlaíonn. Mar sin, seans go dtarlaíonn suas le 80 imbhualadh mar seo gach bliain.

Dreigeoideach 

Léiríonn an t-eolas seo gur inmheasta an dóchúlacht go n-imbhuailfidh astaróideach mór an Domhan uair éigin amach anseo, agus go mb'fhéidir go mbeidh sé sin tubaisteach do dhaoine is an Domhan.

Eachtraí

Féach Freisin

Tagairtí

Tags:

Dreigeoideach EolaíochtDreigeoideach ContúirtDreigeoideach EachtraíDreigeoideach Féach FreisinDreigeoideach TagairtíDreigeoideachAstaróideachCóiméadSpás

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Jim MorrisonAn IoruaArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)112 (uimhir theileafóin)1939Google ChromeCogadh na hIaráiceWikidataLife on the Fast LaneMichela MurgiaFáinneLiam III Shasana1695Am samhraidhSallustiusDuineBeboReese WitherspoonHidalgoBolgachGiuseppe VerdiSkibidi ToiletAn AfraicFrançois MitterrandVicipéidAn ChríostaíochtHidseabDroichead Francis Scott Key (Baltimore)Naoi (fáidh)Elijah MuhammadGrianghrafFódPortsmouthRíomheolaíochtFanaileAn MheánaoisArtaimísGinidiú2016Céasadh ÍosaSacarMyPods and BoomsticksNáisiún IoslamCharles LeclercPríomhleathanachMahagaineDáibhí Ó LaoghaireAn Foras Ghael-MheiriceánachTwitter1921Leon TrotscaíCharles MansonJohann Sebastian BachMinneapolis, MinnesotaInternational Standard Serial NumberWayback MachineCogadh Meicsiceach-MeiriceánachUachtarán na hÉireannTeanga (cumarsáid)An tAigéan CiúinSimon HarrisFéinmharúHomaighnéasachtAn Impireacht Naofa RómhánachPailé-ointeolaíochtDearadh intíRachel Carson🡆 More