Tugtar frithchuimilt ar an bhfórsa a chuireann in aghaidh gluaiseacht choibhneasta idir dhá dhromchla atá ag sleamhnú thar a chéile.
Tá cineálacha éagsúla frithchuimilte ann:
Tur-fhrithchuimilt, a chuireann i gcoinne gluaisne cliathánach coibhneasta dhá dhromchla sholadacha i dteagmháil. Aithnítear dhá shórt tur-fhrithchuimilte, sé sin, frithchuimilte statach idir dromchlaí neamh-chorraitheacha, agus frithchuimilt chinéiteach idir dromchlaí atá ag gluaiseacht.
Fhrithchuimilt shreabhánach, a dhéanann cur síos ar fhrithchuimilt idir sraitheanna laistigh de leacht vioscósach a bhíonn ag bogadh i gcoibhneas lena chéile.
Fhrithchuimilt bhealaithe, gur chineál áirithe frithchuimilte sreabhánaí í, ina scarann an leacht ina dhá dromcla soladach.
Frithchuimilt chraicinn, gur chomhpháirt de chúltarraingt í, an fórsa a chuireann i gcoinne gluaisne réad soladach trí leacht.
Frithchuimilt inmheánach, an fórsa a chuireann i gcoinne gluaisne idir na heilimintí de chuid ábhair soladach le linn dífhoirmíochta.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Frithchuimilt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.