Pléascadh an-chumasach nádúrtha, a tharla go híseal san atmaisféar os cionn na Sibéire i ngleann Tunguska, ab ea an Teagmhas Tunguska, ar an 30 Meitheamh 1908.
| |||||
Cineál | pléascadh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Abhainn Podkamennaya Tunguska | ||||
Dáta na bliana | 30 Meitheamh 1908 | ||||
Suíomh | Evenk Autonomous Okrug (en) | ||||
Tír | Impireacht na Rúise | ||||
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 30 Meitheamh 1908 | ||||
Áit ar fionnadh é | Yeniseysk Governorate (en) agus Abhainn Podkamennaya Tunguska | ||||
Cúis | Tunguska meteorite (en) | ||||
Líon básanna | 0 | ||||
Líon gortaithe | 0 | ||||
Leagadh b’fhéidir 80 milliún crainn go talamh. Leacaigh an phléasc beagnach 3,000 ciliméadar cearnach den fhoraois, agus adhnadh dóiteáin thar achar níos mó fós, i réimse iargúlta den tSibéir. Meastar go raibh an pléascadh coibhéiseach le pléascadh buama núicléach dhá mheigeatonna, nó pléasc a bhí cothrom le maidhm 15 mhilliún tonna TNT.
Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh duine ar bith ina chónaí in Tunguska an uair sin sa bhliain 1908 (ach maraíodh triúr, b'fhéidir).
Phléasc dreigít san aer is cosúil. Ní bhfuarthas aon rian de smionagar astaróidigh ann, rud a mhúsclódh an smaoineamh gur ábhair sho-ghalaithe a bhí ann.
Tuigtear anois gur imbhualadh dreigíte (nó núicléas cóiméid bhig nó astaróidigh) leis an atmaisféar a bhí ann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teagmhas Tunguska, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.