Biosmat

Is dúil cheimiceach é an biosmat.

Is é an meáchan adamhach atá aige ná 208.98038 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 83, agus is í an tsiombail adamhach a sheasann dó ná Bi.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBiosmat
Biosmat
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus commodity (en) Aistrigh
Biosmat sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBi
Uimhir adamhach83
Mais adamhach208.9804
Peiriad, Grúpapeiread 6
grúpa 15
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.02
Ga ianach0.96, 1.03, 1.17 agus 0.76
Stair
Biosmat

Miotal trom sobhriste é an biosmat agus blas beag pinc ar an loinnir gheal atá ann. Ó thaobh na ceimice de, tá sé cosúil leis an arsanaic agus leis an antamón, agus is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +3. Úsáidtear an biosmat i dtáirgí cosmaideacha agus sa leigheaseolaíocht, go háirithe le húsáid na luaidhe a sheachaint. Tá comhdhúile áirithe de chuid an bhiosmait nimhiúil go leor, ach tríd is tríd, ní bhíonn an biosmat leath chomh nimhiúil leis an luaidhe.

Dúil radaighníomhach é an biosmat. Ar feadh i bhfad, shíltí go raibh iseatóp nádúrtha an bhiosmait, 209Bi, ar an núiclíd chobhsaí ba troime a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh an t-iseatóp sin féin a bheith radaighníomhach ar chúiseanna teoiriciúla. Sa bhliain 2003, fuair na heolaithe in Orsay sa Fhrainc amach gur núiclíd radaighníomhach a bhí ann dáiríribh, agus an t-alfa-mheath ag teacht air. Ina dhiaidh sin féin, tá leibhéal na radaighníomhaíochta sin chomh híseal, agus leathré an iseatóip chomh fada, is gur féidir dearmad a dhéanamh di sa ghnáthshaol. Le fírinne, tá leathré an bhiosmait billiún oiread níos faide ná aois na hollchruinne féin.

Nuair a thiocfaidh biosmat gásaithe i dteagmháil le hocsaigin an aeir, ocsaídeofar go trí-ocsaíd dé-bhiosmait Bi2O3 é. Ocsaíd aigéadach atá inti agus í ag cruthú salann in éineacht le hiain na miotal. Tá dhá chineál ocsainian ag an ocsaíd seo, mar atá, BiO2- agus BiO33-. Le fírinne, tá sé de chlaonadh sa dá chineál ainian polaiméirí a chruthú. Mar shampla, tá ainian ciúbach ochtaiméireach, Bi8O2424- i gcomhdhúil an bhiosmait, an litiam agus na hocsaigine Li3BiO3.

Tagairtí

Tags:

Dúil cheimiceachMais adamhachUimhir adamhach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Lega NordSruth leictreachLéachtóirUrú na gréineFisicArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)23 Aibreán1920Sedulius ScottusPlanda24 AibreánTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheSícea-chógaseolaíochtInnealtóireacht bhogearraíXboxCóras comhordanáide geografaíAiréit2 Meán FómhairMarija GimbutasTomás de BhaldraitheCoca-ColaEaspagAn Nua-GhuineNuala Ní DhomhnaillPluaisOllphandaRóisín ElsaftyMichigan2002Kelly ClarksonRonald ReaganLeabharlann Náisiúnta na hAlban1926CumarsáidThe SimpsonsCaisleán na DeirgeJohn WarkErnest HemingwayGarden Grove, CaliforniaImleacánAisteoir22 Aibreán2020Comhairle Contae na GaillimheDúnorgainPoblacht na hÉireannIomparO. J. SimpsonAoineInnealtóireacht bogearraíMac tíreBill BaileyMuscatVicíAn fearann poiblíAfraidítéVaimpír (ialtóg)Teanga (cumarsáid)InnealtóireachtFrank HerbertOró Sé do Bheatha 'BhaileJim MorrisonMarlon BrandoAldous HuxleyEmma WatsonPáirtí Aontachtach Daonlathach🡆 More