Is éard is aicmiú bitheolaíoch, nó aicmiú eolaíoch sa bhitheolaíocht ann, ná modh eolaíoch chun orgánaigh a rangú i ngrúpaí, mar shampla géineas nó speiceas, de réir na gcosúlachtaí struchtúrtha agus feidhme a bhíonn eatarthu.
Tugtar “tacsóin” (uatha: tacsón) ar ghrúpaí mar seo agus an tacsanomaíocht a thugtar ar an chineál bitheolaíochta a phléann le haicmiú ar orgánaigh sa nádúr.
Sa lá atá inniu ann, tá aicmiú na n-orgánach fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach Carolus Linnaeus, a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal Darwin, sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar shonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an t-aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Shainmhínigh Ernst Mayr 'Aicmiú' mar "Eagrú na n-aonán i sraith ordlathach de ranganna neadaithe, ina a chuirtear le chéile ranganna den chineál céanna, nó a bhaineann le leibhéal amháin ordlathach, go cuimsitheach i ranganna níos cuimsithí, ar an chéad leibhéal eile atá níos airde." Shainmhínítear 'rang' mar "bailiúchán d'aonán den chineál céanna". (Tabhair faoi deara go n-úsaidtear an focal "rang" go measartha ar leithligh i gcomhair cheann de na leibhéil san ordlathas bitheolaíochta.) Tá an t-aicmiú Bitheolaíochta bunaithe ar an chosúlacht a bhíonn idir orgánaigh a shíolraigh ón shinsearach is gaire. Dá réir sin, is iad na hairíonna nó tréithe tábhachtacha le haicmiú sa bhitheolaíoch ná iad siúd atá 'homalógach', ie, a bhfuarthas ó shinsearach coiteann. Ní mór iad seo a dheighilt ó tréithe analógacha. Tá an cumas na heitilte ag na héin agus na hialtóga araon ach ní bhaintear úsáid as an chosúlacht seo chun iad a aicmiú i dtacsón (a "rang"), toisc nach bhfuil sé mar oidhreacht acu ó shinsearach coiteann. In ainneoin na difríochtaí eile go léir eatarthu, is é an bhfíric go mbeathaíonn ialtóga agus míolta móra araon a n-óg ar bhainne, cheann de na gnéithe a úsáidtear chun aicmiú an bheirt acu mar mamaigh, ós treith é a bhfuarathas trí oidhreacht ó shinsearach coiteann.
Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomhrangú in úsáid (na Cúig Ríocht):
Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta. Baineann Aicmiú Bitheolaíoch leis an eolaíocht córasaíocht bhitheolaíoch.
Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht sa tacsanomaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;
Archaea (i gcéaduair mar Archaebacteria) -- Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) -- Eukaryota.
Príomh-Aicmiú Tacsanomaíocht | |
Laidin | Gaeilge |
regnum | ríocht |
phylum | fíleam |
divisio | roinn |
classis | rang |
ordo | ord |
familia | fine |
genus | géineas |
species | speiceas |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aicmiú eolaíoch, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.