Is bogearra (ríomhoideas) foinse oscailte é The Onion Router, nó TOR mar is gnách é a ghiorrú.
Úsáidtear TOR le cumarsáid gan ainm a cheadú trí líonra forleagtha domhanda a bhfuil breis is seacht míle athsheachadán.
| |||||||||||||
Cineál | daeman, leabharlann bogearraí, bogearra áirge, pacáiste bogearra, bogearra saor agus líonra | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Bunleagan | |||||||||||||
Leagan bogearraí | |||||||||||||
Ceadúnas | 3-clause BSD License (en) | ||||||||||||
Ar fáil sa | |||||||||||||
Eapainm | ródú oinniúin | ||||||||||||
Saintréithe teicniúla | |||||||||||||
Córas oibriucháin | GNU/Linux, Microsoft Windows, BSD, macOS, Android agus córas oibriúchán cosúil le Unix | ||||||||||||
Scríofa i | C, Python agus Rust | ||||||||||||
Foireann | |||||||||||||
Cruthaitheoir/í | The Tor Project, Inc | ||||||||||||
Forbróir(í) | The Tor Project, Inc | ||||||||||||
Foinsí cóid
| |||||||||||||
Tuilleadh eolais | |||||||||||||
Láithreán Gréasáin | torproject.org (Béarla) | ||||||||||||
Blog | Blog oficial | ||||||||||||
Stack Exchange | Nasc | ||||||||||||
Rianú earráide | Seguiment d'errors | ||||||||||||
Free Software Directory | Tor | ||||||||||||
CA. Subreddit | TOR | ||||||||||||
| |||||||||||||
An té a rachaidh i muinín TOR is féidir leis a ghníomhaíocht ar an Idirlíon a choinneáil faoi cheilt níos fearr ná gan TOR. Ní ligfeadh TOR duit a aithint cá bhfuil úsáideoir áirithe suite, fiú dá mbeadh faireachas Idirlín nó anailis tráchta idir lámhaibh agat. Is féidir leis an úsáideoir cumarsáid a dhéanamh gan a ainm ná a sheoladh IP a nochtadh, agus é ag baint leasa as nóid imeachta TOR.
Tagraíonn an focal onion, oinniún, do phrionsabal bunúsach TOR, is é sin, ródú oinniúin (onion routing as Béarla) - an modh códaithe a bhfuil an ródú bunaithe tá sé cosúil le hionair an oinniúin, is é sin, cuireann TOR sraith chriptithe anuas ar shraith chriptithe. Forbraíodh TOR i Saotharlann Taighde Chabhlach na Stát Aontaithe (United States Naval Research Laboratory), agus ba iad an matamaiticeoir Paul Syverson agus na ríomheolaithe Roger Dingledine agus Nick Mathewson a lainseáil an chéad leagan den bhogearra ar an 20 Méán Fómhair 2002. Bhí an obair tosaithe faoi lár na nóchaidí, agus ba é ba chuspóir leis ar dtús ná cumarsáid lucht faisnéise na Stát Aontaithe a chosaint ar an Idirlíon.
Lenár linn féin tá teacht ag gnáthdhaoine ar TOR, agus is ábhar mór conspóide é go bhfuil coirpigh de chineálacha éagsúla ag glacadh buntáiste air le, abair, drugaí mídhlíthiúla a dhíol nó le pornagrafaíocht faoi pháistí a scaipeadh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article The Onion Router, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.