Reiligiún is ea an Suíceachas a tháinig ar an bhfód i dTuaisceart na hIndia sa chúigiú haois déag.
Tá an Suíceachas bunaithe ar theagaisc an Ghurú Nanak, a chuir bun leis an gcreideamh, chomh maith le naonúr gurúnna eile a lean sna sála aige. Thairis sin, is gnách leis na Suícigh dearcadh ar a leabhar naofa mar "ghurú beo". Is é an t-ainm a thugann siad ar an scrioptúr seo ná Guru Granth Sahib.
Ainmnithe in ómós | guru-shishya tradition (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | major religion (en) stíl bheatha | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1469, Puinseáb | ||||
Bunaitheoir(í) | Guru Nanak | ||||
Guru Granth Sahib (en) | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Ballraíocht | 23,000,000 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Bhakti movement (en) | ||||
Tá an focal féin Suíceach nó Sikh bunaithe ar an téarma Sanscraite Śiṣya, a chiallaíonn "deisceabal" nó "dalta". Creideann na Suícigh i nDia, a dtugann siad Vāhigurū nó "An Tiarna Iontach" air. An dóigh a samhlaítear Dia do na Suícigh, áfach, níl Sé daonchruthach, nó is féidir a rá gurb ionann É agus an ollchruinne ar fad. Tá blas pandiachais ar an Suíceachas mar sin. Is é an dóigh a lorgann na Suícigh an slánú ná an mharana dhiansmachtúil in ainm Dé.
Caithfidh an Suíceach fíréanta aird a thabhairt ar theagasc na nGurúnna, chomh maith le Gurú Granth Sahib, an "gurú i bhfoirm leabhair", nó scrioptúr naofa na Suíceach. Is éard atá ann ná díolaim téacsanna le scríbhneoirí éagsúla, ar aithin Gurú Arjan Shev, cúigiú Gurú an tSuíceachais, fiúntas reiligiúnda nó morálta iontu.
B'é Gobind Singh, an deichiú Gurú, a shocraigh téacs deifnídeach an scrioptúir.
Tugtar gurduárá ar an teampall Suíceach, agus caithfidh gach gurduárá Ek Onkar, siombail Dé, a choinneáil le feiceáil, cosúil leis an dóigh a dtaispeánann na heaglaisí Críostaí an chros.
Tá timpeall is míle Suíceach ina gcónaí in Éirinn, an chuid is mó acu sa phríomhchathair agus máguaird. Tá gurduárá acu i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath.
I dTuaisceart Éireann, is í Doire an lárionad is mó Suíceachais, nó chuir dornán d'iarshaighdiúirí Suíceacha a throid in Arm na Breataine fúthu ansin i dtús na 1920idí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Suíceachas (reiligiún), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.