Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Is bailiúcháin de 17 mór spriocanna ag na Náisiúin Aontaithe iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó Spriocanna Forbartha (Béarla: Sustainable Development Goals nó Global Goals).

Tháinig na spriocanna i bhfeidhm in 2015 agus beidh siad i bhfeidhm suas go dtí 2030. Tá 169 fóspriocanna i bhfeidhm laistigh de na 17 mór spriocanna freisin.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Beartas a bunaíodh de chuid na Náisiúin Aontaithe siad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bheidh i bhfeidhm suas go dtí 2030
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe

Roimh na spriocanna seo a bheith i bhfeidhm ag na NA bhí na Spriocanna Forbartha na Mílaoise (Millennium Development Goals) i bhfeidhm idir 2000 agus 2015.

Tá a lán eagraíochtaí eile a oibríonn leis na Náisiúin Aontaithe timpeall na cruinne an-dáiríre faoi na spriocanna seo a bhaint amach. Tá comhcheangal in Éirinn darb ainm Coalition 2030 atá mar ngréasán do heagraíochtaí, grúpaí agus gníomhairí in Éirinn bainteach leis na spriocanna seo. Cuireann eagraíochaí leithéídí Cúnamh Éireann (Irish Aid) agus Dóchas tábhachtach mhór ar chur i bhfeidhm na spriocanna freisin agus bíonn eagraíochtaí agus gníomhairí áirithe timpeall na cruinne i gcónaí ag iarraidh aird a tharraingt ar na spriocanna ó thaobh an leibhéal rialtas de sna tíortha a gceapfar nach bhfuil aird ar leith ar na spriocanna.

Is iad na spriocanna ná:

  • Sprioc 1 – Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit.
  • Sprioc 2 – Deireadh a chur le hocras; slándáil bia chomh maith le cothú níos fearr a bhaint amach; agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.
  • Sprioc 3 - Maireachtáil fholláin a dheimhniú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois.
  • Sprioc 4 – Oideachas d’ardchaighdeán atá cuimsitheach agus cothrom a dheimhniú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách.
  • Sprioc 5 – Comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní a chumasú.
  • Sprioc 6 – Fáil ar uisce agus bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar shláintíocht a dheimhniú do chách.
  • Sprioc 7 – Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a dheimhniú do chách.
  • Sprioc 8 – Fás geilleagrach marthanach, cuimsitheach, inbhuanaithe, lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn.
  • Sprioc 9 - Bonneagar marthanach a thógáil; tionsclaíocht chuimsitheach, inbhuanaithe a chur chun cinn; agus nuálaíocht a chothú.
  • Sprioc 10 – Neamhionannas laistigh agus idir thíortha a mhaolú.
  • Sprioc 11 – Cathracha agus lonnaíochtaí daonna a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, marthanach agus inbhuanaithe.
  • Sprioc 12 – Patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgeachta a dheimhniú.
  • Sprioc 13 – Gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus a thionchar.
  • Sprioc 14 – Na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní mara a chaomhnú agus a úsáid ar son forbartha inbhuanaithe.
  • Sprioc 15 – Éiceachórais talún a chosaint agus a athshlánú agus a n-úsáid inbhuanaithe a chur chun cinn; foraoisí a bhainistiú ar mhodh inbhuanaithe; dul i ngleic le fairsingiú fásaigh; díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú agus deireadh a chur le cailliúint bithéagsúlachta.
  • Sprioc 16 – Sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe; rochtain ar cheart a sholáthar do chách; agus institiúidí atá éifeachtach, cuntasach agus cuimsitheach a thógáil ag gach leibhéal.
  • Sprioc 17 – Na modhanna feidhmithe a neartú agus an chomhpháirtíocht dhomhanda um fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Na Náisiúin Aontaithe

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Eilís II na Ríochta AontaitheOwen MacCogadhBliain bhisigh19755 SamhainRia (miotaseolaíocht)LeBron JamesAriana GrandeStáit Aontaithe MheiriceáBainneIdirlíon12 EanáirSeoirse II na Breataine MóireJohnny DeppContae Lawrence, AlabamaHéaród MórRéalteolaíochtAn India2020An tAigéan CiúinSeán Mac DiarmadaBaictéir Ghram-dheimhneacha2020idíCathal Ó SearcaighLogainmneacha na GaeilgeLá ANZACVíreas deingeÁine Ní GhlinnRíomheolaíochtPéintéireachtAcmhainn.ieWalmartCharles TrevelyanPrótacal Aistrithe HipirtéacsAn EoraipVínCeimicAltanZoolanderCéir phairifínHerbert Kitchener, an Chéad Iarla KitchenerToraighUí BhreasailMao ZedongPádraig Mac SuibhneAn TéalainnisSíceolaíochtSláinte mheabhrachComhriachtainTrasfhoirmeoirAirgeadraCló Iar-ChonnachtInsectaAn AigéineMaláireMarie Antoinette na hOstaireBliainUshmush2012Banc ceannaisRoy KeaneMeitreo MhoscóSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannFTPEolaíocht fheidmeachBitheolaíochtAn AstráilSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáCeoltóirí Chualann🡆 More