Ealaíontóir clúiteach Spáinneach ba ea Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech, (11 Bealtaine, 1904 – 23 Eanáir 1989).
Rugadh an péintéir osréalach i Figueres na Catalóine. Línitheoir oilte a bhí ann agus cáil air mar gheall ar na híomhánna aisteacha taibhseacha a bhí ina shaothar osréalach. Mhaígh sé féin go raibh tionchar ag a shinsir Arabacha ar a dhúil san aistíl agus sa gháifeachas, ach luaitear tionchar mháistrí an Renaissance leis chomh maith. Bhí baint aige le scannáin a léiriú chomh maith agus spéis aige i ngrianghrafadóireacht agus i ndealbhadóireacht chomh maith le scríbhneoireacht. ba mhinic a tharraing sé níos mó airde ar an saol neamhghnách a chaith sé ná ar a shaothar. Ba chara mór dá chuid an file Federico García Lorca.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Salvador Dalí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.