Ba é Matsuo Bashō (松尾 芭蕉?, 1644 – 28 Samhain 1694), ainm breithe Matsuo Kinsaku (松尾 金作?), agus ansin Matsuo Chūemon Munefusa (松尾 忠右衛門 宗房?) an file is cáiliúla i ré Edo sa tSeapáin.
Ba iad na dánta comhoibríocha ar a dtugtar haikai no renga ba mhó a thuill clú dó, agus chreid sé gurbh é seo an saothar is fearr dá chuid. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá meas ar leith ar a hokku (haiku) ar fud an domhain.
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 松尾芭蕉 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ja) 金作 1644 teach breithe Bashō (Tokugawa shogunate) |
Bás | 28 Samhain 1694 49/50 bliana d'aois Midōsuji (Tokugawa shogunate) |
Áit adhlactha | Gichū-ji (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Áit chónaithe | Sekiguchi Bashōan (en) Genjū-an (en) teach breithe Bashō |
Teanga dhúchais | an tSeapáinis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Edo |
Gairm | file, scríbhneoir |
Fostóir | Sengin (en) |
Seánra | Haikai (en) |
Gluaiseacht | Shōfū haikai (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Kitamura Kigin |
Mac/iníon léinn | Takarai Kikaku../... 25+ |
Ainm cleite | 甚七郎 甚四郎 俳聖 |
Teangacha | An tSeapáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Rugadh Bashō sa bhliain 1644, láimh le hUeno, i gCúige Iga. Bhog sé go hEdo (Tokyo), agus is ann a tháinig clú ar a fhilíocht. Bhí post múinteora aige, ach thug sé diúltú do shaol sóisialta uirbeach lucht na litríochta. B'fhearr leis bheith ag fánaíocht ar fud na tíre ag lorg inspioráide. Chuir sé béim ar an timpeallacht thart air agus a mhothúcháin féin ina chuid filíochta.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Matsuo Bashō, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.