Úrscéalaí, scríbneoir aistí agus file ón Astráil is ea Lily Brett (a rugadh mar Lilijahne Brajtsztajn in 1946 i gcampa Feldafing do dhaoine easáitithe sa Bhaváir).
Bhí sí ina cónaí in Melbourne idir 1948 agus 1968, i Londain idir 1968 agus 1871 agus in Melbourne arís idir 1971-1989. Tá sí ina cónaí i Nua-Eabhrac ó 1989 i leith.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Meán Fómhair 1946 77 bliana d'aois Feldafing |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Princes Hill Secondary College (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aiste, belles-lettres agus iriseoireacht |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir aistí, iriseoir |
Seánra | Filíocht agus úrscéal |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | David Rankin |
Páiste | Jessica Rankin |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | LilyBrett.com |
Bhí a tuismitheoirí Max (a rugadh mar Mojsze Brajtsztajn in 1916) agus Rose (née Rozka Szpindler, ca. 1921–1986) ina gcónaí in Łódź sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Domhanda. Phós siad i nGeiteo Łódź sular cuireadh chun an tsluachampa géibhinn ag Auschwitz iad. Tháinig siad le chéile arís tar éis an chogaidh agus rugadh Brett sa Ghearmáin.
Chuaigh an teaghlach chun Melbourne in 1948. Rugadh Doris, an deirfiúr ab óige, in 1950. Bhí a fhios ag Brett go raibh tubaiste ann roimhe sin ach níor lig a tuismitheoirí léi ach cuid den scéal. I gceann tamaill thosaigh sí ag léamh faoi mharú na nGiúdach. Fuair sí oideachas maith in Melbourne ach sheachain sí na scrúduithe a ligfeadh isteach san ollscoil í. Fuair sí post mar iriseoir popcheoil, post a thug go Sasana agus go Meiriceá í. Tar éis di filleadh abhaile phós sí Rob Lovett (iarghiotáraí ón ngrúpa The Loved Ones) agus rugadh dhá pháiste dóibh. I gceann tamaill scar siad ó chéile agus phós sí an t-ealaíontóir David Rankin.
Ó 1979 amach bhí sí ag scríobh filíochta, ficsin agus neamhfhicsin. D’fhoilsigh sí an chéad chnuasach filíochta aici, The Auschwitz poems, in 1986, agus é maisithe ag David Rankin. Bhain an leabhar a lán duaiseanna, agus moladh a gearrscéal "Luba" chomh maith. In 1989 d’aistrigh sí féin agus Rankin go Nua-Eabhrac.
Tháinig an chéad leabhar ficsin aici, Things Could Be Worse, amach in 1990. Foilsíodh a cúigiú húrscéal, Too Many Men, an ceann is iomráití dá cuid, in 2001. Bhuaigh a seachtú húrscéal, Lola Bensky (2013), an Prix Medicis étranger sa Fhrainc in 2014.
Tá deich gcnuasach filíochta, ceithre chnuasach aistí agus seacht n-úrscéal foilsithe aici. Tá píosaí scríofa aici do roinnt mhaith nuachtán agus irisí liteartha, leithéidí Die Zeit, The Australian, Die Welt, Sydney Morning Herald, The Age agus Frankfurter Allgemeine Zeitungfrankfurter.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lily Brett, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.