Ba thaiscéalaí Francach (Briotánach) é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter).
Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Nollaig 1491 Saint-Malo (Diúcacht na Briotáine) |
Bás | 1 Meán Fómhair 1557 65 bliana d'aois Saint-Malo, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Plá agus tíofas) |
Áit adhlactha | Saint-Malo Cathedral (en) |
Gobharnóir na Nua-Fhraince | |
24 Iúil 1534 – 15 Eanáir 1541 ← luach ar iarraidh – Jean-François Roberval (en) → Ceaptha ag: Proinsias I na Fraince | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | loingseoir, cumadóir, mairnéalach, mairnéalach, taiscéalaí, polaiteoir |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | aimiréal |
Teaghlach | |
Céile | Mary Catherine des Granches |
Rinne Cartier trí thuras fharraige go Ceanada sa 16ú haois. Ba é Cartier an chéad duine a leag amach an abhainn Naomh Laurent.
Tháinig na Francaigh, le Cartier mar cheannaire, go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol siad isteach san abhainn St. Lawrence. Sheol Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.
Ar an 24 Iúil 1534, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.
An bhliain dár gcionn, thug Cartier cuairt an cheantar Montréal, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1535. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Lawrence.
Tagann an t-ainm Ceanada ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid na hIroquois i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan.
Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.
D'fhill Cartier i 1542 le sagairt agus coilínigh agus bhunaigh sé an sráidbhaile Ville Marie.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Jacques Cartier, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.