Is náisiún Meiriceánach Dúchasach iad na hIroquois.
Tugann siad Haudenosaunee (Mohawk: Rotinonshón:ni, Seneca: Hodínöhšö:ni:h) orthu féin. Léiríonn Haudenosaunee an chónaidhm na cúig (níos déanaí sé) thíre: na tíortha
Ó nath Iroquois hiro kone a tháinig an focal Iroquois; chum na taiscéalaithe Francacha an focal seo. Bíonn na hIroquois ina gcónaí den chuid is mó i Nua-Eabhrac (stát) agus i gQuébec.
Bíonn na hIroquois ina gcónaí i Meiriceá Thuaidh ó 12,000 RC no fiú i bhfad níos luaithe. Tugann na hIroquois "Turtle Island" (Oileán Turtair) ar Meiriceá Thuaidh.
Thosaigh na hIroquois ag talmhaíocht timpeall 800-1000. Cruthaíodh an 'chónaidhm Haudenosaunee' timpeall 1450 - 1660 (nó níos lú b'fhéidir). Bhí cúig náisiún ann sa chónaidhm ar dtúsː na Seneca, Cayuga, Onondoga, Oneida, agus Móháic.
Sheol an taiscéalaí Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.
Ar an 24 Iúil, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.
Chuaigh na Tuscaroraigh ó Carolina Thuaidh isteach sa chónaidhm Haudenosaunee sna 1700idí.
Mharaigh na hEorpaigh Iroquois go leor i rith an 18ú céad, agus coigistíodh a gcuid tailte.
Tá timpeall 125,000 Iroquois ann, 45,000 i gCeanada agus 80,000 sna Stáit Aontaithe.
Tá comhairle na bhfear agus comhairle na mban ag na hIroquois, agus tá na mná i gceannas ar an réadmhaoin, an talmahaíocht, agus mar sin de. Bhí rialtas daonlathach ann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Iroquois, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.