Is éard is feabhsaitheoir ann réigiún gearr ADN ar féidir le músclóirí (próitéiní) nascadh leis chun gur dóichí go dtitfidh tras-scríobh géine áirithe amach.
Is iondúil go luaitear na próitéiní seo mar fhachtóirí tras-scríofa. D’fhéadfaidís a bheith suite suas le aon mheigiphéire bunanna amháin (1,000,000 péire bunanna) ón ngéin, suas nó síos ón láthair thosaithe. Tá na céadta míle feabhsaitheoir i ngéanom an duine. Tá siad le fáil i bprócaróit agus in eocaróit.
Idirghníomhaíonn na próitéin seo leis an meán iompair, rud a earcaíonn polaiméaráis II agus na fachtóirí tras-scríofa ginearálta chun go dtosóidh siad ag tras-scríobh na ngéinte. Tá feabhsaitheoirí le fáil laistigh d’iontróin freisin. Is féidir feabhsaitheoir iompú sa treo eile gan a fheidhmiú a athrú. Is féidir feabhsaitheoir a bhaint amach agus é a chur isteach in áit eile sa chrómasóm, agus rachaidh sé i bhfeidhm go fóill ar thras-scríobh géinte. Sin cúis amháin gur féidir le hiontróin lorg a fhágáil cé nach n-aistrítear iad. Tá feabhsaitheoirí le fáil freisin sa réigiún easónach de ghéin neamhghaolmhar, agus is féidir leo dul i bhfeidhm ar ghéinte i gcrómasóm eile.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Feabhsaitheoir (bitheolaíocht), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.