Scríbhneoir Éireannach, fealsamh agus parlaiminteoir Sasanach ab ea Edmund Burke nó Éamonn de Búrca, a rugadh sa bhliain 1729 i mBaile Átha Cliath.
Fear ildánach sa chiall chlasaiceach agus smaointeoir de dhlúth ba ea an Búrcach.
Ba mhór tionchar teoiric an Novus Homo de chuid Cicearó ar Burke agus é i mbun feisireachta i Londain, teoiric a leag béim ar leith ar theilgean phearsantacht mhacánta an chainteora san earnáil mhórálach phoiblí.
D'fhreastail an Búrcach ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ó 1744 go 1748.
Bhogadh sé go Londain sa bhliain 1750. Ba bhall Fuig de Pharlaimint Westminster é ó 1765 ar aghaidh.
Bhí Burke an-láidir ina chuid coimeádachais. Mar shampla, thosaigh Réabhlóid na Fraince sna 1780idí agus sheas Burke an fód go láidir ina éadan ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
Fuair an Búrcach bás le hailse goile (pianmhar agus míshuaimhneach ag an am) sa bhliain 1797 i mBeaconsfield, Sasana.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Edmund Burke, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.