Ba státaire, dlíodóir, teoiriceoir polaitiúil agus fealsamh Rómhánach é Marcus Tullius Cicero (3 Eanáir, 106 RC - 7 Nollaig, 43 RC).
Glactar go forleathan leis mar dhuine de na príomh-óráidithe Laidine agus de na scríbhneoirí móra sa teanga, agus is clasaicigh iad a chuid aistí. Tá sé ina bhun-údar ag an bprós Rómhánach; dá bharr sin tá a chuid saothar pinn mar bhunús ag formhór litríocht na hEorpa le dhá mhíle bliain. Níorbh fhéidir a stíl a shárú ar ghontacht, ar shoiléireacht, ar áilneach, ar oiriúnacht.
Is gnéithe buana den oidhreacht a d'fhág Cicearó iad oiriúnú na Laidine chun coincheapa fealsúnachta a tháinig ó na Gréagaigh a chur in iúl agus, go háirithe, an ról atá ag an dlí nádúrtha i smaointeoireacht an Iarthair maidir leis an moráltacht, leis an dlí agus leis an bpolaitíocht.
Rugadh Marcus Tullius Cicearó ar 3 Eanáir, 106 RC in Arpinum (Arpino an lae inniu), baile cnoic deas 100 ciliméadar (70 míle) aneas ón Róimh. Bhain sé le treibh Cornelia. Tagann a shloinne pearsanta ón Laidin do chickpea, cicer.
I gcúrsaí polaitíochta bhí Cicearó ag dul go tréan ar son na Poblachta agus in aghaidh na deachtóireachta.
Nuair a rinne Lucius Sergius Catilina iarracht cumhacht a shealbhú agus deireadh a chur le poblacht na Róimhe, ba é Cicearó a chuir faoi chois an chomhcheilg seo le feabhas a reitrice agus a óráidíochta.
Chreid Cicearó go gcuimhneofaí go deo air as an Róimh a thabhairt slán ó dhream creachadóirí is rachmasóirí den uasalaicme. Chonaiceadar siúd lena gcumhacht féin a bhuanú is bunreacht na cathrach a threascairt. Is le beart a chuid óráidíochta mar atá le fáil i dTáinseamh Chatilina, d’éirigh le Cicearó a gcomhcheilg i gcoinne na Stát a thabhairt chun solais is lucht na comhcheilge a chur chun báis.
Ní raibh Cicearó róchairdiúil le Caesar ach an oiread, ó nár thaitin deachtóireacht Caesar leis, mar phoblachtánach.
Le linn an chogaidh chathartha i ndiaidh bhás Caesar, chuir Cicearó in aghaidh Marcus Antonius. Faraor d'fhág a dhearcadh polaitiúil san fhaopach é agus mar sin, feallmharaíodh é, ar ordú ó Antonius. Baineadh an cloigeann de ar 7 Nollaig 43 RC, agus in aois 63 bliain dó ag an am
Ba é Cicearó a chuir príomhscoileanna na fealsúnachta Gréagaí in aithne do mhuintir na Róimhe, agus ba spreagadh dó teanga na bhfealsún Gréagach téarmaí nua a chumadh le haghaidh lucht labhartha na Laidine.
Chuir Chicearó coincheap “Humanitas” (cineáltas daonna agus caoinbhéasa morálta) leis na seansuáilcí Rómhánacha “Pietas” (diagacht) agus “Gravitas” (dínit),
Bhí tionchar Chicearó ar fhorbairt agus ar stíl a theanga chomh mór millteanach is go n-úsáideann a lán teangacha Eorpacha i gcónaí téarmaí Laidine a tháinig ó pheann Chicearó: focail de chuid Chicearó iad humanitas (daonnacht), qualitas (cáilíocht), quantitas (cainníocht) agus essentia (eisint, bunbhrí, bunchiall, éirim an scéil), mar shampla.
Deirtear gurbh iad litreacha Chicearó, ar tháinig Francesco Petrarca, an file Iodálach a dtugtar "athair an daonnachais" air, orthu, - gurbh iad na litreacha seo a chuir tús leis an Renaissance san Iodáil. Dúirt an scoláire Polannach Tadeusz Zieliński gurbh é an rud a bhí i gceist leis an Renaissance ná gur chuir na daoine suim nua i saothar Chicearó, agus nár tháinig athbheochan na seanársaíochta clasaicí - an chultúir shean-Rómhánaigh agus shean-Ghréagaigh - ach sna sálaí ag athbheochan Chicearó.
Chuaigh saothar Chicearó i bhfeidhm ar smaointeoirí na hochtú haoise déag ach go háirithe, cosúil le Montesquieu, David Hume, agus John Locke. Inniu féin is é saothar Chicearó an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil againn ar imeachtaí agus ar chultúr na sean-Róimhe roimh ré na n-impirí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cicearó, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.