Imoibriú Dó

Imoibriú idir ocsaigin ón aer agus carbón is hidrigin sa bhreosla chun dé-ocsaíd charbóin is uisce a chruthú, agus teas mar fhotháirge.

Tugtar an teas dócháin ar an teas a chruthaíonn mól d'ábhar. I ngnáth-thuirbín gaile, úsáidtear an teas seo chun uisce a fhiuchadh is gal a sholáthar, rud a dhéanann an tuirbíndineamó a rothlú chun leictreachas a ghiniúint. Sna córais is fearr, ní athraítear ach 40% ar éigin de theasfhuinneamh an bhreosla i bhfuinneamh leictreach. Cailltear an chuid eile den bhunfhuinneamh don timpeallacht. Ba mhaith an scéal é dá mb'fhéidir feidhm fhiúntach a bhaint as níos mó den fhuinneamh seo, ach chomh maith leis an neamhéifeacht chaifeach seo cruthaítear fotháirgí dochracha eile sa dó — dé-ocsaíd charbóin, dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine is eile — a scaiptear san atmaisféar. Cuireann dé-ocsaíd charbóin le hiarmhairt cheaptha teasa an atmaisféir, rud a chuireann le forthéamh domhanda, creidtear go forleathan. De réir dealraimh, feidhmíonn dé-ocsaíd sulfair is ocsaídí nítrigine san aer chun báisteach aigéadach a dhéanamh agus coillte a leagan thar an leathchruinne thuaidh. Glactar leis go bhfuil sé sárphráinneach sceitheadh na ngás díobhálach seo a laghdú agus a laghdú tuilleadh.

Tagairtí

Tags:

Atmaisféar an DomhainBreoslaBáisteach aigéadachDé-ocsaíd charbóinFuinneamhGásHidriginIarmhairt cheaptha teasaLeictreachasOcsaiginOcsaídOcsaídí nítrigineSulfarTimpeallachtTuirbínTéamh domhanda

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Sausage PartyAthróg randamachCorn FIFA an Domhain 2006Georg Wilhelm Friedrich HegelAn ÁiseAdolf HitlerContae Karnes, TexasEl NiñoÉire (Poblacht na hÉireann)An Gorta MórTruman CapoteGramadach na GaeilgeLeictreastataicMarwan MakhoulMeitreo MhoscóJeffrey DonaldsonSochaíStáit Aontaithe MheiriceáNaomh ColmánMód, meán, airmheánCeimicLondainStílbhileoga cascáideachaLeBron JamesAn SpáinnIriseoireachtCumarsáidCharles Trevelyan2002Láithreán GréasáinAn TatarstáinTeanga (cumarsáid)Bogearraí saoraPolaitíochtPrótacal Aistrithe HipirtéacsIdirlíonCiclipéidEoghan mac NéillHataCeolAn Ghaeilge i dTuaisceart ÉireannRíomheolaíochtMonarcacht bhunreachtúilLíomhánSundar PichaiCultúrNua-Eabhrac (cathair)RialtasLouisa HarlandCeardchumannStaidreamhAn OllainnisLiosta tíorthaMoscó1724Séamus Ó ConghaileDermot O'LearyCráin dhubhCumann Lúthchleas GaelMilanoUS OpenAn ÚcráinCéir phairifínReitineAn GhaeltachtDeimhniú taisce2012Áine Ní Ghlinn🡆 More