Foirm ealaíne is ea an ceol clasaiceach a tháirgtear nó atá fréamhaithe i dtraidisiúin cheol an Iarthair, an ceol liotúirgeach (reiligiúnach) agus an ceol tuata san áireamh.
Cé go n-úsáidtear téarma níos cruinne freisin chun tagairt a dhéanamh don tréimhse ó 1750 go dtí 1820 (an tréimhse Chlasaiceach), tá an t-airteagal seo mar gheall ar an réimse leathan ama ó thart ar an 11ú haois go dtí an lá inniu, an tréimhse Chlasaiceach agus tréimhsí éagsúla eile ina mheasc.
Noirm lárnacha noirm an traidisiúin seo, códaíodh iad idir 1550 agus 1900, ar a dtugtar tréimhse an chleachtaidh-choitianta. Seo a leanas mórthréimhsí ama na healaíne ceoil san Iarthair :
Déantar idirdhealú ar ealaín cheoil na hEorpa den chuid is mó ó go leor foirmeacha clasaiceacha neamh-Eorpacha agus ó roinnt gnéithe cheol pobail trí a córais cliathnodaireachta, atá in úsáid ó thart ar an 16ú haois ar aghaidh.
Úsáideann cumadóirí cliathnodaireacht an Iarthair chun a chur in iúl don taibheoir na tuinairdí (m.sh., séiseanna, dordlínte, cordaí), luas, méadar agus rithimí an ghiota cheoil .
Is féidir go mbeadh mar thoradh ar seo ná go mbeadh níos lú ama do chleachtais, a leithéid agus tobchumadóireacht agus ornáidíocht ad libitum, a n-éistear go minic sa cheol ealaín neamh-Eorpacha agus sa cheol pobail, agus stíleanna ar nós snagcheol agus gormacha.
Difríocht eile a bhíonn ann ná cé go nglacann na stíleanna a bhfuil tóir orthu foirm an amhráin (strófach) nó a díorthú den fhoirm seo.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceol clasaiceach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.