Cumadóir ceoil a rugadh i bPáras ab ea Georges Bizet (Alexandre César Léopold Bizet, 25 Deireadh Fómhair 1838 – 3 Meitheamh 1875).
Is é an ceoldráma Carmen (1875) a shárshaothar.
Sa bhliain 1872 chum Bizet ceol ag gabháil leis an dráma L'Arlésienne (An Bhean as Arlés, 1872) le Alphonse Daudet. Cé gur theip ar an léiriúchán mar dhráma, thaitin an ceol le Bizet agus bheartaigh sé sraith a chumadh bunaithe ar an gceol. D’éirigh thar barr leis.
Ba mhéala mór a bhás. Bhí sé trom ar an tobac. Tháinig taom croí air agus é ach 36 bliain d'aois.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Georges Bizet, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.