An Chrimé: Phoblacht ar chósta thuaidh na Mara Duibhe

Is poblacht fhéinrialaitheach de chuid na hÚcráine í an Chrimé.

Tá an phoblacht suite i leithinis na Crimé ar chósta thuaidh na Mara Duibhe.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Chrimé
An Chrimé: Tíreolaíocht, Na hAonaid Riaracháin, Tagairtí
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
An Chrimé: Tíreolaíocht, Na hAonaid Riaracháin, Tagairtí
 45°N 34°E / 45°N 34°E / 45; 34
Críoch á éileamh agan Rúis
an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Stát ceannasachan Úcráin
Autonomous republic (en) AistrighPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,340,921 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús86.7 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla27,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Dhubh agus Muir Mheoid Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeRoman-Kosh (en) Aistrigh (1,545 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach

Is iomaí treibh a ghabh is a d'athghabh an Chrimé i rith na staire. Ina measc siúd, bhí na Gréagaigh, na Gotaigh, na hIaránaigh, na Hunaigh, na Casáraigh, Rúisigh Chív, na Biosantaigh, na Cipseácaigh, agus na Mongólaigh. Ceann de na ríochtaí ba thábhachtaí i stair na Crimé ab ea Cánacht na Crimé. Ina dhiaidh sin, thit an leithinis le himpireacht na Tuirce, agus san ochtú haois déag, shealbhaigh Impireacht na Rúise í. Ní ba déanaí, tháinig an tAontas Sóivéadach in áit na Rúise Impiriúla, agus nuair a bhain na poblachtaí Sóivéadacha amach a neamhspleáchas, b'í Poblacht na hÚcráine a choinnigh an Chrimé.

Is iad na Tataraigh Chriméacha muintir dhúchasach na Crimé, ach inniu, is mionlach beag iad: Tataraigh iad 13 % de dhaonra na poblachta féinrialaithí. Nuair a bhí Stailín ag rialú an Aontais Shóivéadaigh, ruaigeadh na Tataraigh Chriméacha ar fad go dtí an Chasacstáin, agus níor tháinig siad ar ais ach le déanaí.

Is í an Úcráinis an teanga oifigiúil, ach is tromlach iad na Rúisigh sa phoblacht, agus cé go bhfuil scéimeanna athbheochana Úcráinise á gcur chun cinn sa Chrimé, dealraíonn sé nach bhfuil fonn ar bith ar na Rúisigh malairt teanga a tharraingt orthu féin. Mar sin, is í an Rúisis caint na sráide i gcónaí. Is iomaí Úcráineach eitneach a bhfuil a chuid Rúisise níos líofa ná a chuid Úcráinise, agus de réir an daonáirimh, tá an Tatairis Chriméach féin níos coitianta mar theanga dhúchais sa Chrimé ná an Úcráinis.

Tíreolaíocht

  • Achar: 26,100 km²
  • Teorainneacha:
  • An ball is airde: Sliabh Roman-Kosh 1,545 m

Na hAonaid Riaracháin

An Chrimé: Tíreolaíocht, Na hAonaid Riaracháin, Tagairtí 
Léarscáil an réigiúin i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé.

Tá an phoblacht roinnte ina 25 réigiún.

Réigiúin

    1. Bakhchisarayskyi
    2. Bilohirskyi
    3. Dzhankoiskyi
    4. Kirovskyi
    5. Krasnohvardiyskyi
    6. Krasnoperekopskyi
    7. Leninskyi
    8. Nizhnohirskyi
    9. Pervomaiskyi
    10. Rozdolnenskyi
    11. Sakskyi
    12. Simferopolskyi
    13. Sovetskyi
    14. Chornomorskyi

Bardais (Cathracha)

    15. Bardas Alushta
    16. Bardas Armyansk
    17. Bardas Dzhankoy
    18. Bardas Eupatoria
    19. Bardas Kerch
    20. Bardas Krasnoperekopsk
    21. Bardas Shaky
    22. Bardas Shimferopol
    23. Bardas Shudak
    24. Bardas Fheodosiya
    25. Bardas Yalta

Tagairtí

Tags:

An Chrimé TíreolaíochtAn Chrimé Na hAonaid RiaracháinAn Chrimé TagairtíAn ChriméAn Úcráin

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Fyodor DostoyevskyGnóAn tSamhainOptaicSláinte mheabhrachAn SpáinnisAonaid amaÉireOifig Feidearálach an ImscrúdaitheAigéad dí-ocsairibeanúicléasachAn ÚcráinEl NiñoSiombailIdirlíonAodh Ó NéillMeitreo MhoscóFloridaÉire (Poblacht na hÉireann)Contae Karnes, TexasLiosta tíorthaAn PholainnStílbhileoga cascáideachaAn Gorta MórAosdánaÉiceolaíochtSausage PartyCiclipéidÓgie Ó CéilleachairIthirSkibidi ToiletAn TamailisDiarmuid Ua DuibneC++PtychodusMóimint mhaighnéadachAn RúisDún Dealgan200612 SamhainHéaród MórVictoria, TexasPionós an bháisOileáin ÁrannIKEAXylella fastidiosaBradán feasaLaosMícheál D. Ó hUigínnCharli XCXPinseanradaíocht ultraivialaitGeorg Wilhelm Friedrich Hegel22 BealtaineAvesAn TéalainnisLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpFéilire GhréagóraStiofán Ó Cualáin (amhránaí)An FhraincisHerbert Kitchener, an Chéad Iarla KitchenerAoibhinn Beatha an ScoláireCóras oibriúcháinDlíDúrabhánWayback MachineMarwan MakhoulAlbain🡆 More