Tá Muir Mheoid (Muir Azov) suite in oirdheisceart na hEorpa.
Tá nasc ann idir Muir Mheoid agus an Mhuir Dhubh, atá suite ar an taobh ó dheas de. Ba í an Úcráin an tír a bhí ar an gcósta thuaidh de roimh Márta 2022. Tá an Rúis suite ar an gcósta thoir agus tá an Chrimé (cuid den Rúis anois) ar an gcósta thiar den loch.
(ru) Азовское море | |||||
Cineál | Farraige agus bá | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | An Mhuir Dhubh | ||||
Suíomh | |||||
Tír abhantraí | an Rúis agus an Úcráin | ||||
| |||||
Teorainneacha le | Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé | ||||
Le cuid | |||||
Abhantrach draenála | Sea of Azov drainage basin (en) | ||||
Tréithe | |||||
Doimhneacht ingearach | 14.5 m | ||||
Toisí | 135 () × 340 () km | ||||
Imlíne | 1,472 km | ||||
Achar | 37,600 km² | ||||
Bearta agus táscairí | |||||
Salandacht | 11.5 g/L | ||||
Toirt | 5.6 km³ | ||||
Calafort fíorthábhachtach ar Mhuir Mheoid is ea Mariupol.
Ar an 25 Samhain 2018, rinne an Rúis ionradh armtha ar thrí longa cogaidh de chuid na hÚcráine i gcaolas Ceirts. Ghabh an Rúis smacht ar an Mhuir Mheoid mar sin, gníomh a cháin an tAontas Eorpach aon uair arís..
Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022.
Tháinig an Mhuir Mheoid faoi smacht na Rúise go luath sa chogadh.
Tháinig trúpaí na Rúise thart timpeall ar chalafort Mariupol ag tús an chogaidh. Fuair an Rúis bealach idir an Chrimé agus oirthear na Rúise. Mhair léigear Mariupol dhá mhí. Sa deireadh, bhí sibhialtaigh agus saighdiúirí teanntaithe i monarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt. Dúirt an Rúis go raibh na saighdiúirí a bhí ag seasamh an fhóid sa mhonarcha an áit a fhágáil dá ngéillfidís. Bhí Mariupol ar an gcathair is mó a bhí gafa ag an Rúis (daonra 450,000 a bhliain 2017).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Muir Mheoid, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.