Eolaíocht ina ndéantar staidéar ar na tonnta seismeacha faoi thalamh a ghineann creathanna talún, brúchtaí bolcán nó pléascthaí eile ar an talamh nó faoina bun.
Baineann siad sin go bunúsach le gluaiseacht na n-ilchríoch, ina snámhann plátaí ollmhóra teicteonacha go mall ar an maintlín ar bharr croíleacán te leachtach an Domhain. Imbhuaileann siad le chéile agus fodhuchtann ceann amháin faoi bhun an chinn eile. De réir mar a chuimlíonn siad i gcoinne a chéile, cuirtear tús le creathanna talún, agus go minic tarlaíonn bolcáin ag áiteanna mar sin freisin. Is féidir tonnta mar seo a bhrath le seismeagraif íogaire i bhfad i gcéin óna bhfoinse, agus baintear feidhm astu chun pléascthaí trialacha núicléacha faoin talamh a fháil amach, is i sirtheoireacht mhianach ag geolaithe. Trí staidéar ar thonnta seismeacha is mó a fhaighimid eolas ar an taobh istigh den Domhan.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seismeolaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.