Brainse den gheolaíocht a bhaineann le tréithe fisiciúla ábhair an Domhain agus na próisis fhisiciúla a chinneann struchtúr an Domhain ina iomláine.
Tagann seismeolaíocht, geoimaighnéadas, is meitéareolaíocht i gceist, próisis ollmhóra aistriú maise is teasa sa Domhan, agus athruithe i réimse domhantarraingthe an Domhain. Tomhaiseann suirbhéanna geoifisiciúla difríochtaí sa réimse maighnéadach is an réimse domhantarraingthe, agus baintear feidhm astu chun difríochtaí i struchtúr is comhdhéanamh na gcarraigeacha a dhéanamh amach agus taiscéaladh a dhéanamh ar acmhainní ola is mianraí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Geoifisic, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.