Is éard atá i Saoirse Lánléargas (SLL) ná foráil i ndlíthe cóipchirt dlínsí éagsúla a cheadaíonn grianghraif agus píosaí scannánaíochta a thógáil agus íomhánna eile (mar phictiúir) d’fhoirgnimh a thógáil agus uaireanta deilbh agus saothair ealaíne eile atá suite go buan in áit phoiblí, gan sárú a dhéanamh ar aon chóipcheart a d’fhéadfadh a bheith ar marthain sna saothair sin, agus na híomhánna sin a fhoilsiú.
Cuireann reachtanna saoirse lánléargais nó cásdlí teorainn le ceart úinéir an chóipchirt beart a dhéanamh mar gheall ar shárú cóipchirt i gcoinne cruthaitheoirí agus dáileoirí na n-íomhánna sin. Is eisceacht í don ghnáthriail go bhfuil an ceart eisiach ag úinéir cruthú agus dáileadh saothar díorthach a údarú. Faightear an frása ón téarma Gearmáinise Panoramafreiheit ("saoirse lánléargais").
Tá forálacha comhchosúla ag go leor tíortha a chuireann srian le scóip an dlí cóipchirt d’fhonn grianghraif a cheadú go sainráite a bhaineann le radhairc d’áiteanna poiblí nó radhairc a dtógtar grianghraf díobh ó áiteanna poiblí. Tá difríochtaí móra idir tíortha eile, áfach, maidir lena léirmhíniú ar an bprionsabal.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Saoirse Lánléargais, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.