Breitheamh Meiriceánach ba ea Ruth Bader Ginsburg (a rugadh Joan Ruth Bader ar an 15 Márta 1933 i mBrooklyn, Nua-Eabhrac agus a fuair bás ar an 18 Meán Fómhair 2020).
Bhí tionchar ollmhór aici ar dlí na Stát Aontaithe idir 1993-2020, laoch mór na liobrálach agus céile comhraic mór na gcoimeádach, agus an dara bean a ceapadh ina ball de Chúirt Uachtarach Mheiriceá.
B’iomaí cás tábhachtach a bhí buaite ag Ginsburg mar abhcóide sna 1970idí. Saineolaí ab ea í ar ghéarleanúint oifigiúil ar bhonn inscne. Dhírigh sí ar dhlíthe éagsúla a rinne idirdhealú géar idir mná agus fir.
Bhí rath ar Ginsburg sna blianta tosaigh mar abhcóide, mar shampla sa chás Weinberger v. Wiesenfeld sa bhliain 1975 os comhair na Cúirte Uachtaraí. Dlíodóir cúramach ab ea Ginsburg a bhain úsáid as fir chun sáinn na mban a shoiléiriú i gceart nuair a bhíodh sí ag caint os comhair seanbhreithiúna fireanna na 1970idí.
I 1980 a roghnaigh Jimmy Carter Bader Ginsburg mar bhreitheamh ar an gcúirt chuarda náisiúnta in Washington D.C. Breitheamh neamhghnách ab ea í toisc gur bhain sí clú agus cáil amach fiú sular ceapadh ina breitheamh sóisearach í.
Roghnaigh Bill Clinton Bader Ginsburg chun a bheith ina breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1993. (Ón mbliain 1962 ba shuíochán ‘Daonlathach’ an suíochán a bhí aici. Roghnaigh an tUachtarán Kennedy Byron ‘Whizzer’ White mar bhall den Chúirt Uachtarach i 1962, agus thug Clinton an suíochán do Ginsburg nuair a d’éirigh White as i 1993).
Fuair Bader Ginsburg bás de dheasca na hailse ar 18 Meán Fómhair 2020.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ruth Bader Ginsburg, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.